Loch Baikal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil de Loch Baikal
Loch Baikal

Loch scoiltghleanna sa Rúis, i ndeisceart na Sibéire, is ea Loch Baikal. Tá sí suite idir Cúige Irkutsk agus an Phoblacht Buryat. Is í an loch is mó fionnuisce ar domhan agus 20% d'fhionnuisce an domhan inti. Is í Loch Baikal an loch is doimhne ar domhan freisin: 1,642 m (5,387 tr) an pointe is doimhne sa loch. Taoscann an Abhainn Yenisei uisce na locha chun an Aigéin Artaigh ó thuaidh. Is é 330 bliain am seadaithe na locha, is é sin le rá go bhfanann móilín uisce an méid sin ama in Baikal sula imíonn sé tríd an Yenisei ar a bhealach chun na farraige.