An tIoslam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ioslam)
Bosca Sonraí EagraíochtaAn tIoslam
(ar) الإسلام Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmajor religion (en) Aistrigh
creideamh
stíl bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitmiotaseolaíocht Arabach
sean-reiligiún Sheimíteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh610, Hejaz (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Mahamad Cuir in eagar ar Wikidata

631An Córan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Faoi thionchar
Hanif (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair (anois tá níos mó daoine Moslamacha ná Caitliceach). Tugtar Moslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aon Dia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan (nó an Qur'án) leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá ann a tháinig díreach ó Dhia. Mar sin, ní féidir an Córan a chur i gcomparáid leis an mBíobla: is fearr a rá go bhfuil an áit chéanna aige san Ioslam agus atá ag Íosa sa Chríostaíocht. Is í Meice san Araib Shádach an áit naofa is tábhachtaí do na Moslamaigh, agus déanann gach Moslamach a dhícheall le turas oilithreachta a thabhairt ar an áit, aon uair amháin le linn séasúr mhóroilithreacht an hajj ar a laghad.

Mosc na Carraige, áit naofa de chuid na Moslamach in Iarúsailéim

Foinse an Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal Araibise é al-islam(الإسلام). Is é is bunús leis an bhfocal seo ná an fhréamh thríchonsanach slm a chiallaíonn "géilleadh", is é sin, go ngéilleann an duine é féin do Dhia go suaimhneach, gan dul chun diúnais Air. Is é an Moslamach, nó muslim, an duine a chleachtann an cineál seo géillte - an "géillteoir". Mar sin tá dhá bhrí ag ceachtar den dá fhocal seo: ciallaíonn siad an creideamh Ioslamach atá bunaithe ar an teachtaireacht a nochtadh do Mhuhammad, agus an duine a leanann an creideamh sin. Ach ciallaíonn siad fosta an géilleadh do Dhia, an t-adhradh agus an urraim is cuí a thabhairt Dó agus Dá chuid orduithe. Na fáithe a tháinig roimh Mhuhammad, ar nós Íosa agus na bhfáithe Giúdacha, áirítear mar Mhoslamaigh iad freisin, ó ghéill siad do Dhia. Sa chiall leathan, is Moslamaigh iad na hainmhithe agus na plandaí, ó tá an cineál saoil acu a d'ordaigh Dia dóibh.

Ailt Bhunúsacha Chreidimh an Ioslaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Allah, a chiallaíonn Dia in Araibis

Nocht Dia (Araibis: Allah) a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, ar a n-áirítear, Ádhamh, Abrahám, Naoi, Maoise, Íosa agus Muhammad. Cuireadh an teachtaireacht seo go díreach isteach sa Chóran, agus mar sin is leabhar iomlán gan bhotún é; de réir an Ioslaim Shunnaíoch cheartchreidmhigh, is é an Córan friotal Dé a bhí ann roimh an gcruthú féin. Is é an tuairim choitianta i measc na Moslamach gur thruailligh na daoine an teachtaireacht sa Bhíobla Chríostaí agus i dTóra na nGiúdach, agus mar sin, gur nochtadh an Córan mar theachtaireacht nua iomlán lánchuimsitheach.

Sé Alt an Chreidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tIoslam bunaithe ar sé alt creidimh:

  1. Creideamh i nDia, an t-Aonarán Uasal amháin (an t-aondiachas nó tawhid)
  2. Creideamh sna fáithe (anbiya') agus sna teachtairí (rusul)
  3. Creideamh sna Leabhair (kutub) ó Dhia
  4. Creideamh sna haingil (mala'ika)
  5. Creideamh i Lá an Bhreithiúnais (qiyama) agus san Aiséirí
  6. Creideamh sa chinniúnt (qadar)

Cúig Chuaille an Ioslaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann an tIoslam an-bhéim ar dheasghnátha agus ar chleachtais. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil an ceartchreidmheachas nó an t-ortadocsachas chomh tábhachtach leis an gceartchleachtaíocht nó an t-ortalatrachas san Ioslam. Tugtar cúig chuaille an Ioslaim ar an gcúig chleachtas ceart a gcaithfidh an Moslamach cloí leo ina shaol:

  1. Cré an Ioslaim (shahada): Níl de dhia ach Dia, agus is é Muhammad A theachtaire.
  2. Na hurnaithe laethúla (salah): caithfidh gach Moslamach a urnaithe a dhéanamh de réir scéim righin.
  3. An déirc (zakat): caithfidh gach Moslamach déirc a íoc leis na bochta is na nochta.
  4. An troscadh (sawm) le linn na míosa úd ramadan i bhféilire an Ioslaim.
  5. An oilithreacht go Meice (hajj).

Seicteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seicteanna difriúla san Ioslam

██ Sunnaíochas

██ Siachas

██ Ibāḍiyya

Madhab:
Sunnachas: Hanafi, Hanbali, Maliki, Shafi
Sítheachas: Ithna'ashaariyya, Zaydi

Tá cuid mhaith seicteanna difriúla san Ioslam. Is é an Sunnaíochas an tseict is mó; formhór Mhoslamaigh an domhain, is Sunnaigh iad. Is é an Siachas an dara leagan is mó den Ioslam, agus é féin deighilte ina sheicteanna éagsúla. Bunús na scoilte, eascraíonn sé as ceart comharbachta an Fháidh Muhammad; de réir na Siach, ba chóir ball de theaghlach Mhuhammad a theacht mar chomharba air. San idirlinn, d'fhorbair difríochtaí suntasacha sna deasghnáthaí idir an Sunnaíochas agus an Siachas freisin, ach aontaíonn an dá dhream ar phríomhcheisteanna an chreidimh. Tá lucht leanúna an tSiachais ina bhformhór i measc Mhoslamaigh na Liobáine, na hIaráice, na hIaráine, agus Bhairéin; agus tá mionlaigh thábhachtacha Siacha sa Phacastáin agus in Éimin freisin; sna tíortha eile, is iad na Sunnaigh an dream is líonmhaire, ach amháin in Óman, áit a mbaineann an tromlach leis an Ioslam Iobádaíoch.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]