Éimin
Éimin | |||||
---|---|---|---|---|---|
الجمهوريّة اليمنية (ar) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amhrán náisiúnta Éimin | ||||
Mana | «الله ،الوطن، الثورة، الوحدة» «God, Country, Revolution, Unity» «Бог, държава, революция, единство» «Duw, Gwlad, Chwyldro, Undod» | ||||
Siombail oifigiúil | iolar | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | San’a agus Áidin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 28,250,420 (2017) | ||||
• Dlús | 50.9 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Reiligiún | Ioslam | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Meánoirthear Iarthar na hÁise | ||||
Achar dromchla | 555,000 km² | ||||
Imeallbhord | 2,500 km | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Rua agus Muir Arabach | ||||
Pointe is airde | Jabal an Nabi Shu'ayb (en) (3,666 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Arabach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Yemen Arab Republic (en) agus Éimin Theas | ||||
Cruthú | 1990 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht agus córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Éimin | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Éimin | ||||
• Uachtarán Éimin | Ali Abdullah Saleh (1990–2011) | ||||
• Príomh-Aire Éimin | Maeen Abdulmalik Saeed (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Binse Uachtarach Éimin | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | rial Éimin | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ye | ||||
Glaochód | +967 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 199 | ||||
Cód tíre | YE | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | yemen.gov.ye |
Tír Arabach is ea Éimin, atá lonnaithe sa Mheánoirthear in iardheisceart na hÁise. Tá teorainn aici leis an Araib Shádach thuas agus Óman thoir. Is é Sanaa an phríomhchathair.
Corraíl shibhialta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lárionad sceimhlitheoireachta Ioslamacha is ea Éimin ó na 1990idí ar aghaidh. Mar shampla, sa bhliain 2015, mhaígh Al Qaeda i Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince.[1]
In Éimin, is minic a choinnítear cailíní sa bhaile mar gheall ar imní i dtaobh sábháilteachta.[2]
Cogadh Cathartha in Éimin, 2014 - inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh seach-chogadh in Éimin i ndeireadh na bliana 2014.[3] Chuaigh cúrsaí ó smacht agus an teannas idir an Araib Shádach (agus a comhghuaillithe cumhachtacha, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe go háirithe) agus an Iaráin (agus na réabhlóidithe Houthi) ag géarú.
D'éirigh an choimhlint go gasta 'an ghéarchéim daonna is measa ar domhan', de réir na Náisiúin Aontaithe.[4]
Idir 2014 agus 2021, fuair timpeall 277,000 bás, de réir Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe (154,000 de bharr na cogaíochta; básanna indíreacha, an gorta go háirithe,[5] 233,000).[6][7][8] Is ar na leanaí is measa a thiteann an choimhlint.
Tá an chomhghuaillíocht freagrach as an gcuid is mó de na básanna. Agus le linn na 2010idí, bhí an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an dá thír a dhíol an líon is mó d’airm leis an Araib Shádach.[9] Bhí siad ag armáil agus ag tacú le taobh amháin agus bhí gasúir ag fáil bháis chuile lá agus ní raibh suim dá laghad ag an domhan mór é sin a chur amach ar na leathanaigh nuachta.[10]
Géarchéim na Mara Rua, 2023-
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Mhuir Rua, lean reibiliúnaithe Houthi Éimin lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-01-14). "Al Qaeda taobh thiar d'ionsaithe Phárais" (as ga).
- ↑ Cúnamh Éireann (2019). "Domhan Níos Fearr". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ An ceannfort Frank Reidy / Adhmhaidin RnaG (2015). "An trodaíocht ag leanúint ar aghaidh i bPoblacht Éimin" (ga). RTE Radio / RnaG. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ crisisrelief.un.org. "Yemen: The worst humanitarian crisis in the world" (en). crisisrelief.un.org. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ Sorcha Nic Mhathúna, Oxfam Ireland (Márta 2017). "Achainí déanta ag Na Náisiúin Aontaithe, ag Oxfam agus ag eagraíochtaí carthanachta eile ag iarraidh fóirint ar an ngorta atá ag bagairt ar An Éimin" (en). RTE Radio / RnaG. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe / Taylor Hanna | David K. Bohl | Jonathan D. Moyer (2021). "ASSESSING THE IMPACT OF WAR IN YEMENː Pathways for Recovery". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "United Nations Development Programme" (as en) (2022-07-10). Wikipedia.
- ↑ Clár Forbartha na Náisiúin Aontaithe
- ↑ Isla Callister (2019). "Ná salaímis ár lámha le fuil na nÉimineach Tuairisc ó Mhanainn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (22 Samhain 2023). "‘Ní féidir leis na Náisiúin Aontaithe faic a dhéanamh mura bhfuil Iosrael sásta comhaontú leo’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-26.
- ↑ Bertie Ó hAinmhire (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-26.