Charlie Hebdo
| Cineál | nuachtán aoir |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Fhraincis |
| Am tosaigh | 1970 |
| Úinéir | Laurent Sourisseau (en) |
| Áit a fhoilsithe | an Fhrainc |
| Tréith | |
| Formáid nuachtáin | Berliner (en) |
| Eatramh foilsithe | 1 seachtain |
| Seánra | glámh politiúil agus nuachtán aoir |
| Eagarthóir | Gérard Biard Gébé (1992–2004) Philippe Val (2004–2009) Charb (2009–2015) |
| Príomheagarthóir | Gérard Biard Georges Wolinski (1970–1981) |
| Eagrán | Charlie Hebdo issue No. 1178 (en) |
| Ainmniúcháin agus gradaim | |
| Gradaim |
|
| Aitheantóirí | |
| ISSN | 1240-0068 agus 2711-6786 |
| OCLC | 421653858 |
| Suíomh | charliehebdo.fr |
Is iris sheachtainiúil í le cartúin pholaitiúla Charlie Hebdo i bPáras, An Fhrainc.
Is minic a tharraing a thóir ar an aoir trioblóid ar Charlie Hebdo.

Sceimhlitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 7 Eanáir 2015 tharla ionsaí sceimhlitheoireachta san oifig Charlie Hebdo i bPáras. D’ionsaigh triúr daoine oifigí Charlie Hebdo le hairm uathoibríocha. Chualathas iad ag scairteadh manaí Ioslamacha antoisceacha.[1]
Sa bhliain 2015, mhaígh Al Qaeda i Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince.[2]
Fuair aon duine dhéag bás, roinnt dearthóirí cartún agus iriseoirí ina measc.
- Mharaigh na deartháireacha Said agus Chérif Kouachi na daoine mar cheap siad go raibh an iris i mbun diamhasla, de bharr na bpictiúr maslach den fháidh Mahamad a bhí foilsithe acu, srl.

Déantar magadh go minic faoin gcreideamh Ioslamach ar an nuachtán.[3] Foilsítear cartúin mhagúla faoin gcreideamh Ioslamach ar Charlie Hebdo go minic, rud a tharraing trioblóid air go minic, roimh 2015.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dúnmharú Samuel Paty (múinteoir Francach, 2020)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "En images : à 11 h 30, des hommes armés ouvrent le feu rue Nicolas-Appert". web.archive.org (2015-01-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-09. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-01-14). "Al Qaeda taobh thiar d'ionsaithe Phárais" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-01-07). "12 maraithe in ionsaí lámhaigh i bPáras" (as ga).
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |