Mahamad
Ba é Muhammad fáidh an Ioslaim. Creideann na Moslamaigh gur nocht Dia a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Muhammad an duine deireanach acu.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Muhammad i Meice na hAraibe circa 570-571. Abdullah an t-ainm a bhí ar a athair agus Aminah an t-ainm a bhí ar a mháthair.
Sa bhliain 610 chaith sé tamall in uaimh Hira, gar don chathair. Deirtear gur labhair an t-aingeal Gaibriéil leis ansin. Sin mar a thosaigh an tIoslam.
Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá conspóid ann fós, i measc na Moslamach agus idir Moslamaigh agus neamh-Moslamaigh, maidir le cén aois a bhí a bhean, Aisha, nuair a phós sí Mahamad agus nuair a cuireadh an pósadh i gcrích (tá na meastacháin idir sé bliana agus naoi mbliana déag d'aois agus idir naoi mbliana agus naoi mbliana déag d'aois, faoi seach.)
Fuair Muhammad bás sa bhliain 632.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |