Aisha (bean Mhahamad)
Aisha (bean Mhahamad) | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Meice, c. 605, 614 |
Náisiúntacht |
Rashidun Caliphate (en) ![]() Cailifeacht Umayyad |
Bás |
Medina (en) ![]() |
Áit adhlactha |
Al-Baqi' (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Abu Bakr siddiq |
Máthair | Umm Rummān Zaynab bint ‘Āmir |
Céile/Céilí | Mahamad (620 - 632 (Gregorian)) |
Siblíní |
liosta iomláin
|
Mic léinn |
Tawus ibn Kaysan (en) ![]() |
Gairm | |
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag |
First Fitna (en) ![]() |
Creideamh | |
Reiligiúin | An tIoslam |
Bhí Aisha, nó Ā’ishah bint Abī Bakr[1] {عائشة بنت أبي بكر} (timpeall 613/614 – 678) i measc na mban céile a bhí ag Mahamad. Dar leis na Sunnaígh, bhí páirt thábhachtach aici i bhforbairt an sharia, mar dhuine de na príomhfhoinsí le aghaidh hadith[2][3][4] a dhearbhú (tuairiscí ar na focail, ar na gníomhartha agus ar an bhfaomhadh intuigthe trínar chuir Mahamad a chuid teagaisc maidir leis ceisteanna creidimh, moráltachta agus na sochaí in iúl, ... i dtuairim a lucht leanúna.)
I measc na Sunnaíoch, tá sé de cháil ar Aisha gur bhean fhiosrach léannta a bhí inti agus go raibh sí go mór i bhfabhar chearta na mban agus oideachas a thabhairt dóibh, go speisialta maidir leis an sharia agus gnéithe eile den Ioslam.
Os a choinne sin, tá an-drochbharúil ag na Siaigh di, toisc gur chuir sí in aghaidh Ali; cuireann siad Fatima agus Aisha i gcodarsnacht le chéile, agus an dara bean thíos leis, agus níl iontaoibh acu aisti mar fhoinse d'ahadith[2].
Ina theannta sin, tá conspóid ann fós, i measc na Moslamach agus idir Moslamaigh agus neamh-Moslamaigh, maidir le cén aois a bhí Aisha nuair a phós sí Mahamad agus nuair a cuireadh an pósadh i gcrích (tá na meastacháin idir sé bliana agus naoi mbliana déag d'aois agus idir naoi mbliana agus naoi mbliana déag d'aois, faoi seach.)