Meice
| مكة المكرمة (ar) | ||||
| Suíomh | ||||
| ||||
| Stát ceannasach | an Araib Shádach | |||
| Cúige de chuid na hAraibe Sádaí | Cúige Mheice | |||
| Príomhchathair de | Kingdom of Hejaz (en) Kingdom of Nejd and Hejaz (en) Cúige Mheice (1932–) The Holy Capital Governorate (en) | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 2,427,924 (2022) | |||
| • Dlús | 3,194.64 hab./km² | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 760 km² | |||
| Airde | 277 m | |||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Eachtra thábhachtach | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | ||||
| • Ceannaire an rialtais | Khalid bin Faisal Al Saud | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 1 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | holymakkah.gov.sa | |||

Is cathair mhór í Meice (Araibis: Makkah al-Mukarramah, مكة المكرمة) san Araib Shádach, príomhchathair Chúige Mhakka.
De réir dhaonáireamh 2004 is é líon a lucht cónaithe 1,294,168.
Cathair naofa[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.
Oilithreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cathair oilithreachta í Meice. Tá oilithreacht bhliantúil ann, an hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an hajj a dhéanamh uair amháin i saol an duine, ar a laghad.
Tarlaíonn an hajj i mí Du al-Hijja, an mí deireanach san fheisire na gealaí Ioslamach. Glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain.
Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na nainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.

Ar an 24 Meán Fómhair 2015, bhí timpeall 2,500 básaithe[1]; b'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad. Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh[2].
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
