Jump to content

Leithcheal ar bhonn creidimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meice, An Araib Shádach : bealach amháin do Mhoslamaigh, bealach eile do dhaoine eile.
Fuascailt na nGiúdach

Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas creidimh, nó leithcheal ar bhonn creidimh,[1] nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar nach ionann an creideamh, cúlra nó dearcadh reiligiúnach atá ag duine acu agus atá ag an duine eile, nó go bhfuil creideamh, cúlra nó dearcadh reiligiúnach ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile.[2]

Múrphictiúr i mBéal Feirste, 2002, le Mike Alewitz. Tharraing scoláioch idirchreidmheach conspóid ag an am agus scrios Sinn Féin an múrphictiúr.

In Éirinn is minic a cheanglaíonn daoine leithcheal ar bhonn creidimh le Caitlicigh agus Protastúnaigh amháin. Ach i sochaí ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha, déantar leithcheal ar Mhoslamaigh, Ghiúdaigh agus ar dhaoine eile a bhfuil creideamh reiligiúnach difriúil acu.[3]

Dála billí rialtas dúchais ag dul siar go dtí 1886 (nár ritheadh), chuir an tAcht (Alt 5) cosc ar reachtaíocht a dhéanfadh idirdhealú ar bhonn creidimh. I measc na srianta, níor ceadaíodh airgead a bhronnadh ar aon chreideamh, ná searmanas creidimh ar leith a dhéanamh riachtanach le haghaidh bailíocht an phósta. Ní bheadh aon bhuntáiste ag an gcléir, ná ní fhágfaí iad faoi mhíbhuntáiste. Bheadh cead ag páistí freastal ar scoileanna a raibh maoiniú poiblí acu gan freastal ar theagasc Críostaí.

Bhí an giota céanna nach mór sa Chonradh Angla-Éireannach (Alt 16) , ach sa Chonradh cuireadh cosc ar idirdhealú i maoiniú scoileanna a bhain le haicmí creidimh éagsúla. Tá a rian seo i mBunreacht na hÉireann (Alt 44.2) chomh maith.

Is ionann creideamh mionlaigh in Éirinn inniu agus creideamh a chuimsíonn níos lú ná 10% den daonra iomlán. Ní fhéadfaidh bunscoileanna a fhaigheann aon chineál tacaíochta nó maoinithe ón stát daoine de shainaicme áirithe creidimh a ligean isteach de rogha ar dhaoine eile.

Ach má chláraíonn an iomarca daltaí, féadfaidh bunscoileanna, i ndiaidh iarratas a fháil ó dhalta ó chreideamh mionlaigh, tús áite a thabhairt don dalta sin más deimhin leis an scoil gur ball den chreideamh mionlaigh an dalta agus go gcuireann an scoile clár oideachais/teagaisc creidimh ar fáil ar ionann é agus an creideamh mionlaigh sin nó atá cosúil leis.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, religious discrimination
  2. 2.0 2.1 ihrec.ie (2020). "[https://www.ihrec.ie/app/uploads/2022/08/IHREC-Equal-Status-Rights-Leaflet-IE-WEB.pdf NA HACHTANNA UM STÁDAS COMHIONANN 2000–2018 Treoir faoi do chearta má dhéantar idirdhealú ort nuair atá earraí nó seirbhísí á rochtain]". 
  3. ccea.org.uk. "Cad is ciall le Sochaí Shibhialta? Cineálacha Leithcheala". Dáta rochtana: 2024.