Hajj

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHajj
Íomhá
Map
 21°25′21″N 39°49′34″E / 21.4225°N 39.82617°E / 21.4225; 39.82617
CineálOilithreacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCúig cholún Ioslam Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
CríochphointeMeice, An Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisHajji (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Suíomh gréasáinhajinformation.com Cuir in eagar ar Wikidata


Is oilithreacht í an Hajj, i gcathair na Mheice san Araib Shádach. Is í Meice an chathair is naofa san Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.

Mar sin, tá oilithreacht bhliantúil ann, an Hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an Hajj a dhéanamh, uair amháin ar a laghad i saol an duine.

Hajj sa bhliain 1965

Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn an Hajj i mí Du al-Hijja, an mhí dheireanach san fheisire na gealaí Ioslamach.

Glacann na milliúin Moslamach páirt sa Hajj gach bliain. Airítear an oilithreacht ar an slógadh is mó bliantúil de dhaoine ar domhan.

Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Kaaba, tús Hajj, 2008

Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den Hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na nainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.

Ar an 24 Meán Fómhair 2015 maraíodh timpeall 2,500[1] agus gortaíodh na céadta le teann brú nuair a thosnaigh táinrith in aice Meice. Tharla an brú ar shráid "204" i gcampa sa chathair Mina, áit a bhfanann na hoilithrigh, cúpla míle soir ó Meice[2].

Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh[3].

Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]