Géarchéim na Mara Rua
| |||||
Cineál | fronta idirghabháil mhíleata oibríocht mhíleata ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas, Middle Eastern crisis (2023–present) (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Dáta na bliana | 19 Deireadh Fómhair 2023 ![]() | ||||
Suíomh | an Meánoirthear Poblacht Éimin an Mhuir Rua Murascaill Áidin Bab-el-Mandeb an Mhuir Arabach, An India an Mheánmhuir an Phalaistín Iosrael ![]() | ||||
Tír | Poblacht Éimin, Stát na Palaistíne agus Iosrael ![]() | ||||
Rannpháirtí | |||||
Meán cumarsáide | |||||
Codanna | |||||
Thosaigh Géarchéim na Mara Rua ar 19 Deireadh Fómhair 2023 nuair a chaith na Hútaithe,[1] atá lonnaithe i dtuaisceart agus in iarthar Éimin (ar chósta na Mara Rua) diúracáin in aghaidh Iosrael. I mí na Samhna 2023 chuir na Hútaithe tús le feachtas ag ionsaí longa tráchtála sa Mhuir Rua.

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 2010idí, bhí longa cabhlaigh ó thart ar 30 tír lonnaithe sa cheantar mar chuid de chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bunaíodh chun déileáil leis na foghlaithe mara ón tSomáil (ar an taobh eile na Mara Rua). Thall san Éimin, sna 2010idí, ghabh na Hútaithe an chumhacht le lámh láidir. [2] Fuair b'fhéidir 377,000 bás le linn 2015-2021.[3]
Bhí tacaíocht na hIaráine ag na Hútaithe,[4] a bhuíochas le Qasem Soleimani; feallmharaigh na Stáit Aontaithe é in 2020. Sna 2020idí agus Cogadh na Carad thart, bhí na Hútaithe níos bagraí agus níos trodaí ná aon ghrúpa eile a bhfuair tacaíocht ón Iaráin. Comhghuaillithe le Hezbollah na Liobáine is ea na Hútaithe chomh maith.
Thosaigh na hionsaithe in 2023, dírithe ar Iosrael i bhfianaise a bhí ag tarlú i nGaza - an coimhlint Iosrael-Gaza - cé go raibh longa eile buailte ag na mílísteoirí nach le Iosrael iad. Cé go bhfuil Éimin níos mó ná 2,000 ciliméadar ó Iosrael, d’éirigh leo dróin agus diúracáin a scaoileadh le hIosrael díreach tar éis ionradh na hIosrael ar Gaza.
D’éirigh leis na Hútaithe báid bheaga a sheoladh chun roinnt long a ionsaí, fiú d’éirigh leo ingearán a chur san aer chun long amháin a ghabháil.[5]
Mar gheall air sin, ní raibh na longa tráchtála úsáid a bhaint as an gCanáil Shuais níos mó ar feadh tamaill. Ach is bealach tábhachtach tráchtála an Mhuir Rua agus an Chanáil do chomhlachtaí lastais mar go ngiorraíonn sé an t-aistear go suntasach idir an Áise agus an Eoraip.[4]

2023: frithionsaithe an Iarthair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Nollag 2023, tháinig cuid mhaith de na tíortha i gcomhghuaillíocht nua chun dul i ngleic leis na hionsaithe ó na Hútaithe. Chuir na Stáit Aontaithe agus a chomhghuaillithe "Operation Prosperity Guardian"[7] i bhfeidhm. Ach tháinig sé go solas go tapa go raibh an feachtas sin mí-éifeachtach.
Lean na reibiliúnaigh Hútaithe lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.[8] D'fhógair cuid mhaith de na comhlachtaí coimeádán go raibh siad chun an Chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart.[9] Chuir sé seo le costas earraí iompórtáilte ar fud an domhain.
Le linn aimsir na Nollag bhí an chuma ar chúrsaí go raibh rudaí ag imeacht ó smacht sa Mheánoirthear. Sheol na Hútaithe ionsaí ollmhór eile ar longa sa Mhuir Rua le linn mí Eanáir 2024.[10][11][12]
Mar gheall air sin, thosaigh comhghuaillíocht idirnáisiúnta faoi cheannas na Stát Aontaithe ag ionsaí suíomhanna Hútaí in Éimin ón aer.[5][6] Mar shampla scrios Cabhlach na Stát Aontaithe diúracáin frithloinge a líomhnaítear a bhí ag iompar trodaithe ó Éimin. Bhí hionsaithe an Iarthair dírithe ar áiseanna stórála armlóin agus córais chosanta Hútaithe, srl.[4] Ach bhí na Hútaithe in ann cur suas le hionsaithe ó aerfhórsa na hAraibe Sádaí idir 2015-2022, agus bhí ullmhúcháin déanta acu chun déileáil le cuid de na hionsaithe ón gComhghuaillíocht. Mar sin bhí siad in ann leanúint leis an mbrú ar longa sa Mhuir Rua agus ar chóras trádála an domhain.
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scaoil Iosrael le láithreacha de chuid lucht Hútaí go rialta le linn 2024. Dúirt na hIosraelaigh gur dírithe ar bhonneagar lucht Hútaí a bhí an t-ionsaí.[13][14]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mhárta 2025, d'iarr Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Pete Hegseth, ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an stráice farraige sin mar aicearra idir an tAigéan Indiach agus Atlantach. Bhí roinnt buamála déanta ag scairdeitleáin mhíleata le Meiriceá ar ionaid san Éimin le linn mhí an Mhárta 2024. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe. Dúirt aireacht sláinte na Hútaí gur maraíodh breis is 50 duine agus gur gortaíodh suas le 100. [15]
Cúpla lá níos déanaí, i sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal, a tharla roimh na hionsaithe, phléigh Hegseth na pleananna. Tugadh "Signalgate" ar ar an scannal.[16][17]
I mhí na Bealtaine 2025, d'fhógair Trump go raibh sé ag cur deireadh leis na ruathair buamála a bhí ar bun ag Meiriceá ar na Houthi san Éimin.[18]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh Cathartha in Éimin, 2014-2021
- Feallmharú Qasem Soleimani, 2020
- Coimhlint Iosrael-Gaza, 2023-
- "Operation Prosperity Guardian"[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBearla, na Houthi
- ↑ "Houthi takeover in Yemen" (as en) (2025-02-01). Wikipedia.
- ↑ crisisrelief.un.org. "Yemen: The worst humanitarian crisis in the world" (en). crisisrelief.un.org. Dáta rochtana: 2022-07-23.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-02-25). "10 gcinn de spriocanna Houthi in Éimin buailte ón aer" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-25.
- ↑ 6.0 6.1 US Central Command (22 Eanáir 2024). "U.S. Forces, Allies Conduct Joint Strikes in Yemen".
- ↑ 7.0 7.1 7.2 "Operation Prosperity Guardian" (as en) (2024-02-25). Wikipedia.
- ↑ Bertie Ó hAinmhire / tuairisc.ie (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE).
- ↑ mar shampla, d’fhógair an comhlacht coimeádán Maersk go raibh siad chun an chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart
- ↑ "2024 missile strikes in Yemen" (as en) (2024-02-26). Wikipedia.
- ↑ "Marlin Luanda missile strike" (as en) (2024-02-24). Wikipedia.
- ↑ Patrick Wintour, Dan Sabbagh (2024-01-10). "Britain warns of severe consequences after Houthi attack in Red Sea repelled" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-02-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-30). "An Liobáin: 100,000 teite, líon na marbh ag dul ó chomhaireamh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-30). "An Liobáin: 100,000 teite, líon na marbh ag dul ó chomhaireamh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-17). "Leantar le hionsaithe san Éimín" (as ga-IE).
- ↑ Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Giall - saighdiúir as Meiriceá - ligthe saor ag Hamas" (as ga-IE).