Diúracán treoraithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Armchóras — chomh beag le diúracán beag iniompartha frith-thainc, nó chomh mór le diúracán idirilchríochach balaistíoch — atá in ann eitilt go dtí a sprioc faoina chumhacht féin. Dírítear a eitilt le treoracha ón taobh amuigh, tarchurtha don diúracán trí chomharthaí raidióríomhaire inmheánach a thugann comharthaí treoracha do dhromchlaí rialaithe an diúracáin.