Stráice Gaza

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaStráice Gaza
Flag of Palestine.svg
Gaza Strip NASA.PNG
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Stráice Gaza learscail.svg
Críoch á éileamh ag Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair Cathair Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 3,000,000 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Palestinian territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 360 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Abu Auda (en) Aistrigh (105 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 2007
Eagraíocht pholaitiúil
• Uachtarán Cuir in eagar ar Wikidata Mahmoud Abbas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Egyptian pound (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Stráice talún sa Mheánoirthear is ea Stráice Gaza (Araibis: قطاع غزة‎‎ Qiṭɑʿ Ġazza/Qita' Ghazzah, Eabhrais: רצועת עזה‎ Retzu'at 'Azza), atá suite ar chósta na Meánmhara idir Iosrael agus an Éigipt.

Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.

Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhill arm Iosrael an rúidbhealach in Aerfort Idirnáisiúnta Iasar Arafat le buamaí i 2000.

ollscrios i mBeit Hanoun.  Grianghraf ar 5 Lúnasa 2014

Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[2] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[3]). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa 2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.[4]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Hamas an páirtí atá i gceannas ar shaol polaitíochta na háite faoi láthair.

Baint Éireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2008 coinneáladh Naisrín Elsafty agus Treasa Ní Cheannabháin tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[5]

Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[6] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE). 
  2. "2014 kidnapping and murder of Israeli teenagers" (as en) (2020-06-10). Wikipedia. 
  3. "Kiryat Arba" (as en) (2020-04-13). Wikipedia. 
  4. "Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  5. BBC News - ’Irishwoman to face military court’ - Feabhra 2008 Breathnaíodh air ar 6 Iúil 2011
  6. "An Phailistín aitheanta mar stát ag Éirinn" (as ga) (2014-12-11).