Stát na Palaistíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilStát na Palaistíne
دولة فلسطين (ar) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnFida'i Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 32°00′N 35°15′E / 32°N 35.25°E / 32; 35.25

PríomhchathairIarúsailéim agus Ramallah Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,227,193 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús868.3 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Meánoirthear
Iarthar na hÁise
Israeli-occupied territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla6,020 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síÚdarás Náisiúnta na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 15 Samhain 1988:  (Forógra Saoirse na Palaistíne)
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinÚdarás Náisiúnta na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachPalestinian Legislative Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the State of Palestine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMahmoud Abbas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire Stát na Palaistíne Cuir in eagar ar WikidataMohammad Shtayyeh (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeComhairle Uachtarach Bhreithiúnach na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil18,109,000,000 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradinar na hIordáine Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ps Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+970 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tírePS Cuir in eagar ar Wikidata

Is stát de jure[1] sa Mheán-Oirthear é an Phalaistín (Araibis: دولة فلسطين Dawlat Filasṭīn) [2]. Cuimsíonn an Phalaistín críocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus in Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967. Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.[3] Dhearbhaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne a neamhspleáchas ar an 15 Samhain 1988 i gCathair na hAilgéire.[4][5]

Mapa an Mheánoirthir
Iarúsailéim
An Phalaistín fé Bhreatain 1920
Mapa críochdheighilte

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ón 1920 ar aghaidh. Ach ar 2 Samhain 1917 fógraíodh an "Balfour Declaration": Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín'[6] ar an tír san am sin.

Bhí claonadh ann i bhfabhar na nGiúdach. D'fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín fiú.

Sna blianta 1945-1947, tháinig méadú ar inimirce na nGiúdach go dtí an Phalaistín, agus bhí go leor conspóide faoin inimirce sin. Bhí feachtas sceimhlitheoireachta, nó treallchogaíocht, ar siúl sna 1940idí. Bhí na Giúdaigh ag iarraidh críochdheighilt a chur i bhfeidhm agus stát Giúdach a bhunú.

I dtús 1947, d'fhógair Ernest Bevin (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) go mbeadh an Ríocht Aontaithe tarraing amach na trúpaí Briotanacha sa Phalaistín.[7] I mí Feabhra 1947, sheol Bevin an fhadhb (críochdheighilt na Palaistíne) chun na Náisiúin Aontaithe.

Náisiún Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 29 Samhain 1947, ghlac na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne. Ach níor ghlac na hArabaigh sa Phalaistín agus sa Mheán-Oirthear le réiteach na Náisiún Aontaithe. Bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh.

Ar an 14 Bealtaine 1948, tháinig deireadh le húdarás na Breataine an Phalaistín a rialú agus tháinig Stát Iosrael ar an saol. Thosaigh an Cogadh Arab-Iosraelach (1948) an lá dár gcionn.[8][9]

Stádas breathnóra atá ag bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe faoi láthair. Ar an 10 Bealtaine 2024, vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i bhfabhar iarratas ón bPalaistín maidir le ballraíocht iomlán a bheith ag an tír sna Náisúin Aontaithe (vótáil naoi dtír ina aghaidh – na Stáit Aontaithe agus Iosrael ina measc – agus staon 25 tír eile).[10] Dá dtabharfaí ballraíocht iomlán don tír lá amháin, b'ionann é agus aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta mar stát.[11]

An Phalaistín agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aithin Éire an Phalaistín mar stát go foirmiúil ar an 28 Bealtaine 2024. Ag an am, dúirt an Taoiseach Simon Harris dúirt go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.[12]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is tír sa Leibheaint í an Phalaistín.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "De jure" (as en) (2022-09-02). Wikipedia. 
  2. Charbonneau, Louis (29 November 2012). "Palestinians win implicit U.N. recognition of sovereign state". Reuters. Thomson Reuters. Archived from the original on 5 June 2014. Retrieved 17 Eanáir 2015.
  3. Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine" (as ga-IE). 
  4. "Palestinian Authority applies for full UN membership". United Nations Radio. 23 September 2011.  Retrieved 8 June 2014. 
  5. United Nations (2012). "[https://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/67/L.28 Reaffirms the right of the Palestinian people to self-determination and to independence in their State of Palestine on the Palestinian territory occupied since 1967]". www.un.org. Dáta rochtana: 2020-08-07.
  6. "Mandate for Palestine" (as en) (2021-10-24). Wikipedia. 
  7. Ardtesitméireacht - Gnáthléibheal - Stair (2006). "Cúlú na hEorpa ó impireachtaí agus an toradh, 1945-1990". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  8. "1947–1949 Palestine war" (as en) (2021-11-13). Wikipedia. 
  9. "1948 Arab–Israeli War" (as en) (2020-11-28). Wikipedia. 
  10. Ceadaíonn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ballraíocht san eagraíocht dhomhanda.
  11. Nuacht RTÉ (2024-05-10). "Bua suntasach ag an bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe" (as ga). 
  12. Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine" (as ga-IE).