Naisrín Elsafty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaisrín Elsafty
Beathaisnéis
Breith1989
34/35 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: 53ce1c54-979e-4c00-9805-f93b06415f25 Cuir in eagar ar Wikidata

De shliocht Gael-Éigipteach Naisrín Elsafty (a rugadh sa bhliain 1989) agus clú uirthi mar amhránaí ar an Sean-nós.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iníon le Treasa Ní Cheannabháin ó Chontae na Gaillimhe agus le Saber Elsafty, dochtúir Éigipteach, is ea Naisrín agus í ar an gcuid is óige den chlann. Is deirfiúr le Róisín Elsafty í. Tógadh í lena leathchúpla dearthár agus lena deirfiúracha i mBearna i gConamara.

Teaghlach ilchultúrtha agus dáchreidmheach a bhí ann agus dhéantaí idir Nollaig agus Eid (deireadh Ramadan) a cheiliúradh. Bhuail na tuismitheoirí le chéile agus iad ag obair sa Danmhairg agus phós i bparóiste Chill Chiaráin.[1] Chuaigh an chlann ar scoil sa cheantar agus idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a dtoil acu.

Tá baint ag Naisrín agus a muintir leis an Meán-Oirthear i gcónaí,[2] agus sa bhliain 2008 coinneáladh í féin agus a máthair tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[3]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ceol ó dhúchas i Naisrín, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá an ceol ó dhúchas i Naisrín, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá an ceol ó dhúchas i, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta é. Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós.[4].[5]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Naisrín Elsafty, Róisín Elsafty, & Treasa Ní Cheannabháin - Irlande: L’Art du Sean-Nós, Musique du Monde: Collection Dominique Buscail, dirigée par Gilles Fruchaux. (Buda Musique 92711-2)

Níl dlúthdhiosca curtha amach fós ag Naisrín Elsafty ina aonar, ach tá sí le cloisteáil ar dhlúthdhiosca de sheanamhráin a chuir Róisín Elsafty, deirfiúr léi, amach.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]