Sléacht Al-Rashid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Al-Rashid
Map
 31°30′10″N 34°24′52″E / 31.5027648°N 34.4145384°E / 31.5027648; 34.4145384
Cineálcrowd crush (en) Aistrigh
eirleach
oll-lámhach
coir chogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli invasion of the Gaza Strip (en) Aistrigh agus Cogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Feabhra 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCathair Gaza, Stát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata, Stráice Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne agus Israeli-occupied territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna118 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe760 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireFórsaí Cosanta Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
léarscáil de chuid an IdF / Iosrael

Tharla Sléacht Al-Rashid (nó Al-Rasheed) ar an 29 Feabhra 2024 ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.

Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael[1] freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar a laghad 118 Palaistíneach agus gortaíodh na céadta eile.[2]

físeán de chuid an IdF / Iosrael

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, le linn na hoíche, bhí slua mór daoine bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.

Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh ar dtús gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe.[3]

Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad 'i gcontúirt ón slua' a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh. Níos déanaí d'admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir. Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad i gcontúirt ón slua a thosaigh siad ag scaoileadh. Ach bhí na piléir dírithe ar chosa na bPalaistíneach, dar leo.[4]

D'imigh an slua chun scaoill agus maraíodh cuid de na daoine nuair a bhuail na leoraithe iad tar éis dóibh na sála a bhaint dá chéile, arsa na hIosraelaigh. Ach bhí tancanna ann ag an am céanna, in aice leis na leoraithe, agus chuaigh na tancanna sa mhullach ar na Palaistínigh a bhí gortaithe agus in luí ar an talamh, a dúirt na Palaistínigh.[5]

Tugadh na mairbh agus an dream a gortaíodh chuig Ospidéal al-Shifa sa chathair.[6] Ach ní raibh sé d'acmhainn ag an ospidéal sin níos mó an chóireáil leighis a theastaigh a chur ar na céadta duine. Mhaígh an t Ospidéal gur scaoileadh 80% na n-íospartach.[7]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí éileamh déanta - aon uair amháin eile - ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla.[8][9]

Thug Hamas foláireamh go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Israel Defense Forces" (as en) (2024-03-15). Wikipedia. 
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (2 Márta 2024). "‎Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  3. "Físeán - preasócáid de chuid an IdF / Iosrael".
  4. Leanne Abraham, Lazaro Gamio, Elena Shao, Aric Toler, Haley Willis (2024-03-01). "What We Know About the Deaths Near the Gaza Aid Convoy" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  5. "Images suggest Israel ran over Palestinian detainee with armoured vehicle" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  6. Nuacht RTÉ (2024-02-29). "'112 Palaistíneach maraithe, na céadta gortaithe' i gCathair Gaza" (as ga-IE). 
  7. A. B. C. News. "Gaza doctor says gunfire accounted for 80% of the wounds at his hospital from aid convoy bloodshed" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  8. Harriet Sherwood, Emma Graham-Harrison, Julian Borger (2024-03-01). "Israel faces mounting pressure to investigate Gaza food aid deaths" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  9. Thanvir Khan (2024-03-01). "UN Security Council statement blaming Israel for aid convoy deaths blocked by US" (en-US). S2Jnews. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  10. Nuacht RTÉ (2024-03-01). "Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné" (as ga-IE).