Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
Íomhá
Map
 32°27′40″N 35°17′20″E / 32.4611°N 35.2889°E / 32.4611; 35.2889
Cineáloibríocht mhíleata
ruathar míleata
aerionsaí
counter-terrorist operation (en) Aistrigh
intervention (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli–Palestinian conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse3 - 5 Iúil 2023
Dáta na blianaIúil 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhJenin Refugee Camp, Stát na Palaistíne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Jenin, Stát na Palaistíne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocPalestinian Islamic Jihad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis2023-2024 wave of Palestinian terrorism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023 ar 3 Iúil 2023 i ndáiríre nuair a rinne Arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar, ceann de na hionraí is mó le 20 bliain ar Bhruach Thiar na Palaistíne .[1] Bhí "Baile agus Gairdín" ("Operation Home and Garden") baiste ag na hIosraelaigh ar an ionradh ar Jenin [ar nós gur leo ó cheart críocha na bPalaistíneach].[2]

Ruathar IDF ar Jenin, Eanáir 2023

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buama seiftithe cois bóthair i Jenin, Meitheamh 2023
IDF i Jenin

Le bliain agus tuilleadh bhí ruathair go rialta déanta ag Arm Iosrael (IDF nó Israeli Defense Forces) ar Jenin agus bhí Palaistínigh tar éis coilínigh de chuid Iosrael a ionsaí in iarracht díoltas a bhaint amach. Rinne buíonta armtha coilíneach scrios ar bhailte beaga agus gabháltais Phalaistíneacha.[1]

Níor fhacthas a leithéid ó cuireadh deire leis an Dara Éirí Amach (Intifada nó الانتفاضة الثانية, Al-Intifāḍa aṯ-Ṯhāniya) sa bhliain 2005.[3][1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 167 Palaistíneach maraithe ag Arm Iosrael go dtí 3 Iúil i mbliana.[4] Tharla an chéad ollruathar ar Jenin ar an 23 Meitheamh 2023.[5]

Idir 1-3 Iúil, bhí deichniúr Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin, agus bhí corradh le céad duine gafa acu agus na mílte eile curtha as a n-árais chónaithe de bharr an ruathair.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, thug an Taoiseach le fios go raibh imní air faoi ghéire an fhoréigin atá an dá thaobh [Iosraelaigh agus Palaistínigh araon] a dhéanamh ar a chéile agus dúirt go gcaithfí sibhialtaigh a chosaint thar aon ní eile.[2]

Bhris Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 amach i mí Dheireadh Fómhair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-07-03). "Ochtar maraithe ag Iosrael i mórionsaí ar an mBruach Thiar" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-07-04). "Ionradh na Iosraelach ar an mBruach Thiar cáinte i nDáil Éireann" (as ga). 
  3. "Second Intifada" (as en) (2023-07-05). Wikipedia. 
  4. Qassam Muaddi ــ West Bank (2023-06-19). "Biggest Israel Jenin raid in years kills five Palestinians" (en). https://www.newarab.com/. Dáta rochtana: 2023-07-04.
  5. "June 2023 Jenin incursion" (as en) (2023-07-03). Wikipedia.