Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza
| ||||
Cineál | pléascadh mass killing (en) friendly fire (en) aerionsaí | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Israeli attacks on health facilities during the 2023 Israel–Hamas war (en) | |||
Dáta na bliana | 17 Deireadh Fómhair 2023 | |||
Suíomh | al-Ahli Arab Hospital, Stát na Palaistíne (en) , Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne | |||
Is cúis le | international reactions to the al-Ahli Arab Hospital explosion (en) | |||
Déantóir na coire | Palestinian Islamic Jihad (en) | |||
Arm | diúracán treoraithe rocket (en) | |||
Tharla pléasc in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza ar 17 Deireadh Fómhair 2023, le linn Cogadh Iosrael - Gaza.
Fuair b'fhéidir 50 bás ach bhí eagla ann ar dtús gur maraíodh na céadta daoine.[1] Daoine a bhí aslonnaithe agus a bhí ar foscadh sa chlós ab ea na mairbh, de réir Aireacht Sláinte Gaza. Thosaigh cluiche an mhilleáin láithreach, Hamas agus Iosrael ag iarraidh an milleán a chur ar a chéile.
Ar dtús, chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, a bhí faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann. Ach bhí baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael.
De réir an BBC,[2] agus an rialtas Francach[3] agus Meiriceánach,[4] b'fhéidir go ndeachaigh roicéad Palaistíneach as smacht agus thit sé ar na daoine a bhí ar foscadh sa chlós in aice leis an ospidéal.
De réir an New York Times, a rinne mionanailís,[5] b'fhéidir nach raibh diúracán ná roicéad i gceist ar chor ar bith, ach ionsaí sliogán de chuid Iosrael.
Ar aon nós, bhuail diúracáin eile as Iosrael sibhialtaigh neamhchiontacha i nGaza timpeall an ama seo... mar shampla tuairiscíodh ar an lá céanna gur maraíodh seisear nuair a bhuail diúracán Iosraelach scoil i gcampa teifeach i lár Gaza.[6] I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann agus gur léirigh sé gur cuma leis na daoine a bhí freagrach as faoi shibhialtaigh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (21 Deireadh Fómhair 2023). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-21.[nasc briste go buan]
- ↑ "Gaza hospital: What video, pictures and other evidence tell us about Al-Ahli hospital blast" (en-GB). BBC News (2023-10-18). Dáta rochtana: 2023-10-21.
- ↑ "French intelligence points to Palestinian rocket, not Israeli airstrike, for Gaza hospital blast" (en). AP News (2023-10-20). Dáta rochtana: 2023-10-21.
- ↑ NY Times (18 DF 2023). "Early U.S. and Israeli Intelligence Says Palestinian Group Caused Hospital Blast".
- ↑ Aric Toler, Haley Willis, Riley Mellen, Alexander Cardia, Natalie Reneau, Julian E. Barnes, Christoph Koettl (2023-10-25). "A Close Look at Some Key Evidence in the Gaza Hospital Blast" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-17). ""Idir 200-300 dídeanaí maraithe" i gclós ospidéil in Gaza" (as ga-IE).