Fórsaí Cosanta Iosrael
Is iad "Fórsaí Cosanta Iosrael" (FCI)[1] arm Iosrael (צְבָא הַהֲגָנָה לְיִשְׂרָאֵל) nó Tzahal (צה״ל). Bhunaigh David Ben-Gurion na FCI ar an 26 Bealtaine 1948.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael cainteoirí Gaeilge chun cúléisteacht le teachtaireachtaí idir saighdiúirí Éireannacha a bhí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin — nó UNIFIL — sna 1980idí. Bhíodh nós ag na saighdiúirí as Éirinn iompú ar an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar fhórsaí Iosrael agus a gcéilí comhraic Hezbollah a bhíodh ag iarraidh cúléisteacht leis na teachtaireachtaí ina seolaidís eolas íogair rúnda. De réir na tuairisce san Irish Examiner in 2018, níor thóg sé i bhfad ar na hIosraelaigh tuiscint a fháil ar an ‘gcód Gaeilge’ agus bhí oifigeach amháin cinnte fiú go bhfaca sé iarbhaill d’arm na hÉireann i measc na nIosraelach.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Israel Defense Forces (IDF)
- ↑ "D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael Gaeilgeoirí chun cúléisteacht le teachtaireachtaí rúnda Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-01-31). Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ Sean O’Riordan (2018-01-31). "Israelis recruited Irish speakers to monitor peacekeepers in Lebanon" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-09-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |