An Bruach Thiar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bruach Thiar

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósIarthar Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 32°00′N 35°21′E / 32°N 35.35°E / 32; 35.35
Críoch á éileamh agStát na Palaistíne
Iosrael
an Iordáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dena Críocha Palaistíneacha (1949–1988)
Israeli-occupied territories (en) Aistrigh (1967–)
Stát na Palaistíne (1988–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla5,860 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Mharbh agus Abhainn na hIordáine Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTall Asur (en) Aistrigh (1,016 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1949
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisMahmoud Abbas (en) Aistrigh (2004–) Cuir in eagar ar Wikidata

Críoch thalamhiata gearr, an chuid is mó de faoi smacht Iosraelach, nó faoi chomh-smacht Stát Iosrael - Údarás Náisiúnta na Palaistíne, is ea an Bruach Thiar. (Araibis: الضفة الغربية aḍ-Ḍiffah l-Ġarbiyyah; Eabhrais: הגדה המערבית, HaGadah HaMa'aravit). Tá ar stádas an limistéir ar fad fós a bheith socraithe.[1] Tá an Bruach Thiar ag críochantacht (línithe ag armstad Iordánach-Iosraelach de 1949) san iarthar, ó thuaidh, agus ó dheas le hIosrael, agus ar an taobh thoir, ar fud  Abhainn na hIordáine, leis an Iordáin. Chomh maith leis sin tá cuid suntasach de chladach iarthaach na Mara Mairbhe ag an Bhruach Thiar. 

Tá achar talún de 5,640 km2 móide limistéar uisce de 220 km2, comhdhéanta de  chuid den chuid thiar thuaidh den Mhuir Mharbh, san Bhruach Thiar agus lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir. 

I mí Iúil 2015, measadh go raibh daonra de 2,785,366 Palaistínigh, agus thart ar 371,000 lonnaitheoirí Iosraelacha, agus thart ar 212,000 Giúdaigh eile in Iarúsailéim Thoir. Measann an pobal idirnáisiúnta go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha ar an Bhruach Thiar, lena n-áirítear an Iarúsailéim Thoir, mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, cé go neasaontaíonn Iosrael leis an gceist seo.  Thug an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta rialú comhairleach (2004) a thug le fios go bhfuil na himeachtaí sin a tharla tar éis na bliana 1967, sé sin polasaí forghabhála agus smachtaithe Stát Iosrael sa Bhruach Thiar, lena n-áirítear Dlí Iarúsailéim, conradh síochána Iosrael leis an Iordáin agus an Comhaontuithe Síochána Osló, nach raibh athrú ar stádas an Bhruach Thiar (lena n-áirítear Oirthear Iarúsailéim) mar chríoch faoi fhorghabháil, agus Iosrael ina cumhacht fhorghabhála.

Cathair na Beithile, An Bhruach Thiar

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistriúchán is ea an t-ainm an Bhruach Thiar ar an téarma araibis الضفة الغربية (ad-Diffah I-Garbiyyah), a tugadh ar bhruach thiar na hIordáine a thit, sa bhliain 1948, faoi smacht agus rialú na hIordáine, a d'ionghabh an talamh ina dhiaidh sin sa bhliain 1950. D'aithin an Bhreatain, an Iaráic agus an Phacastáin amháin an ionghabháil seo.[2] Roghnaíodh an téarma chun idirdhealú a dhéanamh idir an bhruach thiar na hIordáine  agus "an bruach theas".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1995 Oslo Interim Agreement Curtha i gcartlann 1 Deireadh Fómhair 2015 ar an Wayback Machine. Text of the Accord
  2. Eyal Benvenisti, The International Law of Occupation, Oxford University Press 2012 p. 204:"The so-called West Bank (of the Jordan river), including the eastern part of Jerusalem, has been since 1948 under Jordanian administration, and Jordan claimed to have annexed it in 1950. This purported annexation of parts of the former Mandatory Palestine was, however, widely regarded, including by the Arab League, as illegal and void, and was recognized only by Britain, Iraq and Pakistan."