Jump to content

Comhaontuithe Osló

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontuithe Osló
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 59° 54′ 48″ N, 10° 44′ 20″ E / 59.9133°N,10.7389°E / 59.9133; 10.7389
Cineálcomhaontú Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli–Palestinian peace process (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana13 Meán Fómhair 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhOsló, An Iorua Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Codanna

In Osló i 1993[1] agus i 1995,[2] d’aontaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (an PLO) conarthaí le hIosrael, na Comhaontuithe Osló (Béarla: Oslo Accords). Thug an PLO aitheantas don stát Iosraelach, agus thug Iosrael aitheantas don PLO mar ionadaí an Phobail Phalaistínigh.[3] Tháinig Yitzhak Rabin (Príomh-aire Iosrael), Bill Clinton, agus Yasser Arafat (ar son an PLO) le chéile ar 13 Meán Fómhair 1993 sa Teach Bán chun an chéad chomhaontú[1] a shíniú.

Yitzhak Rabin, Bill Clinton, agus Yasser Arafat, Teach Bán, 1993-09-13
Agóid de chuid Likud in aghaidh na gcomhaontuithe, Márta 1995

Sa bhliain 1994, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Yitzhak Rabin agus Yasser Arafat as a saothar i bpróiseas na síochána.

Sa bhliain 1995, feallmharaíodh Rabin ag Yigal Amir, Iúdach Ortadocsach den eite dheis.

Ní ba dheireannaí, cháin Benjamin Netanyahu (Príomh-aire Iosrael, ball de Likud) agus Hamas araon na Comhaontuithe Osló.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Declaration of Principles on Interim Self-Government Arrangements". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  2. "Israeli-Palestinian Interim Agreement on the West Bank and the Gaza Strip". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  3. Eoin Ó Murchú (23 Deireadh Fómhair 2023). "Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-04.