Iasar Arafat
Bhí Yasser Arafat (nó Iasar Arafat) (24 Lúnasa 1929 – 11 Samhain 2004) a rugadh faoin ainm Mohammed Abdel-Raouf Arafat al-Qudwa al-Husseini (Araibis: محمد عبد الرؤوف القدوة الحسيني) ina uachtarán ar Údarás na Palaistíne.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Arafat ina bhunaitheoir agus ina cheannaire ar FATA, chomh maith le bheith ina chathaoirleach ar Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (ó 1969 ar aghaidh).
Chomhbhuaigh sé Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1994.
Ar an 20 Eanáir 1996, toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach (Palestinian National Authority).
Labhair Paddy Monaghan, Cathaoirleach Irish Christian Friends of Israel, faoi sa bhliain 2012ː
'Rinne Arafat idirbheartaíocht ar Chomhaontú Osló, ach níor chur sé i bhfeidhm é. An aidhm a bhí aige ná bogadh ar ais ón Libia go dtí an Bruach Thiar lena chuid tacadóirí. ... Rinneadh taifead rúnda air agus é ag labhairt i Mosc san Afraic Theas trí mhí tar éis Chomhaontú Osló agus dúirt sé, “ná bí buartha faoin gconradh síochána seo, is ionann é agus traein ag stopadh ag stad. Bainfidh muid amach an sprioc atá againn, chun deireadh a chur le hIosrael. Ardán a bheas anseo chun é sin a dhéanamh”.'[1]
Níl aon taifead ann den saghas sin is cosúil. Ach sé bliana níos déanaí, in 2001, labhair Arafat san Afraic Theas agus tá cuma eile ar a chuid tuairimí ag an am anseo[2][3], mar shampla...
"This brutality and arrogance [of Israel] are moved by a mentality of superiority that practises racism and racial discrimination, that adopts ethnic cleansing."
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig tinneas dona air i nDeireadh Fómhair 2004.
Fuair sé bás in ospidéal míleata i bPáras na Fraince ar an aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 2004 agus cuireadh ina cheanncheathrú é in Ramallah tar éis sochraide i gCaireo na hÉigipte.[4]
Raflaí go leor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag duine a chreidfeadh inniu go mbeadh aon bhaint ag bás Yasser Arafat le monarcha i gConamara. Ar ócáid a bháis, bhí tuairisc ag Nuacht TG4 ar na scaireanna a bhí ag Údarás na Palaistíne agus baill de theaghlach Arafat i gcomhlacht as Ceanada a bhí mar phríomhaí ag an am sa chomhlacht Bioniche in Indreabhán, creid nó ná creid.[5]
Tharraing na tosca a bhain lena bhás conspóid chom maith. Nimhíodh é nó chreid daoine áirithe sin ag an am. Ach níl fianaise chomhthacaíoch ann; níor cruthaíodh go raibh na ráflaí fíor, a dúirt eolaithe agus na cúirteanna sa Fhrainc sa bhliain 2015.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gaelscéal (DF 2012). "Tír Naofa, Tír gan Síocháin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-11. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Clyde Haberman (2001-09-04). "THE RACISM WALKOUT: THE MIDEAST VIEW; Israeli Outrage at Arafat's Speech Makes Talks With Him Even Less Certain" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-11-11.
- ↑ "CNN.com – Arafat: Summit must condemn Israel – September 3, 2001". edition.cnn.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-11. Dáta rochtana: 2021-11-11.
- ↑ "Mort d'Arafat : les experts français écartent à nouveau la thèse de l'empoisonnement" (fr). Le Monde.fr (2015-03-16). Dáta rochtana: 2021-11-11.
- ↑ Breandán Delap (2007). "Ar an Taifead: fís, fuaim, focal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-11. Dáta rochtana: Cois Life.
- ↑ "Mort d'Arafat : les experts français écartent à nouveau la thèse de l'empoisonnement" (fr). Le Monde.fr (2015-03-16). Dáta rochtana: 2021-11-11.