Shimon Peres
Polaiteoir, státaire, scríbhneoir agus file Iosraelach ab ea Shimon Peres (Eabhrais: שִׁמְעוֹן פֶּרֶס; rugadh mar Szymon Persky; 2 Lúnasa 1923 – 28 Meán Fómhair 2016). Rugadh in Wiszniew, a bhí sa Pholainn ag an am ach atá sa Bhealarúis inniu, faoin ainm Vishnyeva.
Ghlac Peres páirt i 13 comh-aireacht le linn a thréimhse mar pholaiteoir. Príomh-aire Iosrael a bhí ann faoi dhó (1984-1986 agus 1995-1996) agus ina uachtarán ar an tír (2007-2014).
Bronnadh Duais Nobel na Síochána air in éineacht le Yitzhak Rabin agus Yasser Arafat, sa bhliain 1994, as a saothar i bpróiseas na síochána.
Bhí Polainnis, Fraincis, Béarla, Rúisis, Giúdais agus Eabhrais ag Peres. Níor chaill sé blas na Polainnise ariamh agus é ag labhairt Eabhraise.[1]
Ba fhile dánta agus amhrán é ina shaol príobháideach; bhíodh sé de nós aige véarsaí a scríobh le linn cruinnithe na comhaireachta. Thaifeadadh dánta dhá chuid mar amhráin ar albaim.[2] De bharr an méid léinn a bhí aige ar an litríocht, bhí sé ábalta athfhriotail a dhéanamh go réidh ar na fáithe Eabhracha (Nevi'im), litríocht na Fraince, agus fealsúnacht na Síne.[1]
Fuair Peres bás in aice le Tel Aviv ar 28 Meán Fómhair 2016 i ndiaidh stróc dá bhualadh.[3],[4][5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Shimon Peres obituary by Lawrence Joffe, Wednesday September 28, 2016
- ↑ Poems turn to song as ex-leader turns 86 AP, updated 8/17/2009 7:55:07 PM ET
- ↑ Nuacht RTÉ
- ↑ "Shimon Peres Dead: How Did the Former Israeli Prime Minister Die?" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Meán Fómhair 2016. Dáta rochtana: 1 Deireadh Fómhair 2016.
- ↑ "Shimon Peres, the last of Israel’s founding fathers, dies at 93". The Times of Israel.
| Is síol faoi dhuine Polannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoin Iosrael é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Básanna in 2016
- Ailt le téacs san Eabhrais
- Síolta a bhaineann le daoine as an Pholainn
- Síolta Iosrael
- Síolta scríbhneoirí
- Daoine a rugadh i 1923
- Buaiteoirí Dhuais Nobel na Síochána
- Feirmeoirí
- Fir
- Giúdaigh Iosraelacha
- Inimircigh
- Polaiteoirí Iosraelacha
- Príomh-airí
- Ridirí
- Scríbhneoirí Giúdacha
- Scríbhneoirí Iosraelacha
- Scríbhneoirí Palaistíneacha
- Scríbhneoirí Polannacha
- Síónaigh
- Státseirbhísigh
- Uachtaráin