An Ghiúdais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Giúdais)
Jump to navigation Jump to search
Giúdais
(yidish)
Á labhairt: SAM, RA, An Liotuáin, An Rúis, Iosrael, An Úcráin, An Ghearmáin, An Pholainn, srl.
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: ~1.8 milliún[1]
Rang: (Níl an teanga i measc an 100 ceann is mó cainteoirí)
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Ard-Ghearmáinis
    Gearmáinis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach
Foras Pleanála Teanga: YIVO
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 yi
ISO 639-2 yid
ISO 639-3 yid
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha
Bratach

Teanga Ghearmáinice í an Ghiúdais atá bunaithe ar chanúintí Gearmáinise an Iarthair, go háirithe ar na canúintí a labhraítear i ngleann na Réine. Bhí sí á labhairt ag na Giúdaigh Ghearmánacha a shocraigh síos sa Pholainn faoi dheireadh na meánaoiseanna le teacht slán ó na géarleanúintí ní b'fhaide siar. Faoi thionchar na Polainnise agus na dteangacha eile in Oirthear na hEorpa, d'athraigh an Ghiúdais go mór, agus d'fhorbair a teanga scríofa go neamhspleách ar an nGearmáinis eile. Mar sin, ní mór a rá inniu gur teanga ar leith atá ann seachas canúint na Gearmáinise.

Tá sé le haithint go soiléir i gcónaí ar an nGiúdais gur canúint ó Iarthar na Gearmáine atá ann, áfach. Mar shampla, deirtear eppes as Giúdais in áit etwas "rud éigin", agus is foirm é eppes a chloistear ina lán canúintí san Iarthar (ebbes a deirtear i Lucsamburg, mar shampla).

Is í aibítir na hEabhraise a úsáidtear leis an nGiúdais a bhreacadh síos, agus tá an teanga breac le focail iasachta ón Eabhrais, mar is dual do theanga Ghiúdach.

Tús a Staire[athraigh | athraigh vicithéacs]

Breacadh an chéad abairt Giúdaise síos i leabhar urnaithe sa bhliain 1272:

Giúdais גוּט טַק אִים בְּטַגְֿא שְ וַיר דִּיש מַחֲזֹור אִין בֵּיתֿ הַכְּנֶסֶתֿ טְרַגְֿא
Traslitriú gut tak im betage se vaer dis makhazor in beis hakneses trage
Trascríobh, de réir is mar a thrascríobhtar Meán-Ard-Ghearmáinis de ghnáth guot tac im betage swer dis makhazor in beis hakneses trage
Gaeilge Go mbreaca lá breá ar an té a iompróidh an leabhar urnaithe seo isteach sa tsionagóg.

Tá an rann beag seo timpeallaithe ag téacs glan-Eabhraise. Is féidir a aithint air gurb é an cineál Giúdaise a bhí á labhairt san am ná gnáth-Mheán-Ard-Ghearmáinis agus í breac le hiasachtaí Eabhraise cosúil le makhazor, leabhar urnaithe, agus beis hakneses (is mar beit ha-kneset a fhuaimnítear i Nua-Eabhrais é), sionagóg, nó "teach cruinnithe", "teach pobail".

Sa cheathrú haois déag thosaigh borradh éigin ag teacht faoi litríocht na Giúdaise. San aois sin agus sa chéad aois eile chuaigh téacsanna éagsúla Giúdaise i gcló: amhráin, dánta agus téacsanna greannmhara i meascán Gearmáinise agus Eabhraise. San am chéanna thosaigh na Giúdaigh ag cur leaganacha Giúdaise de litríocht shaolta Ghearmánach i bprionta freisin. Is é an sampla is luaithe de ná Dukus Horant, dán fada eipiceach agus é bunaithe ar mhóitíf Ghearmánach.

Clóbhuailteoireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a tháinig an preas prionta in úsáid, is léir gur chuir sé go mór leis an bhfoilsitheoireacht Giúdaise freisin. Ceann de na leabhair ba tábhachtaí dár cuireadh i gcló sa tséú haois déag a bhí sa Bovo-Bukh ("Bovo-Leabhar" nó "Leabhar faoi Bovo") le hElia Levita. Is é Levita an chéad údar Giúdaise is aithnid dúinn ina ainm. Scríobh sé an leabhar go luath sa tséú haois déag, ach níor foilsíodh an chéad eagrán ach sa bhliain 1541. Bhí an-ráchairt ar an mBovo-Bukh, áfach, agus tháinig dhá scór atheagrán i gcló, ar a laghad. Rómáns laochais agus ridireachta atá ann, agus é bunaithe ar an scéal Normannach Fraincise faoin laoch úd Boeve de Haumtone - nó Sir Bevis of Hampton, mar is eol do lucht an Bhéarla é. Saothar tábhachtach eile ón tréimhse chéanna é WiduwiltKinig Artus Hof, agus mar a deir an dara teideal, is scéal Artúraíochta é. Tá an saothar seo bunaithe ar Wigalois, rómáns a tháinig ó pheann Wirnt von Grafenberg i ré na Meán-Ard-Ghearmáinise. Scríbhneoir mór le rá eile a bhí in Avraham ben Schemuel Pikartei, a d'fhoilsigh athinsint Giúdaise de leabhar Iób sa bhliain 1557.

Ní bhíodh na mná sa tsochaí thraidisiúnta Aisceanásaíoch in ann Eabhrais a léamh, nó ní raibh cead acu freastal ar na scoileanna Eabhraise. Scéal eile áfach go raibh léamh agus scríobh na Giúdaise acu. Mar sin tháinig litríocht sa teanga sin ar an bhfód agus í dírithe ar na mná ach go háirithe. Is dócha gurbh iadsan ba mhó a léadh rómánsaí ridireachta cosúil leis an mBovo-Bukh, agus thairis sin, scríobhtaí saothair chráifeacha sa teanga lena n-aghaidhsan, ar nós Tseno Ureno - cé gur Giúdais atá sa leabhar féin, Eabhrais atá sa teideal, agus is é is brí leis ná "Tagaigí go bhfeice sibh" - tagairt atá ann do Laoi na Laoithe 3:11 sa tSean-Tiomna: Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim... Tá teanga Tseno Ureno i bhfad níos glaine ó iasachtaí Eabhraise ná, cuir i gcás, Giúdais na fichiú haoise, ó bhí an leabhar dírithe ar mhná nach raibh léann ná Eabhrais acu, agus chomh moch sin i bhforbairt na Giúdaise ní dheachaigh na hiasachtaí léannta greamaithe go smior sa teanga go fóill. Tugtar "Bíobla na mBan" ar Tseno Ureno go minic, nó is saothar teagascúil é a mhíníonn an Sean-Tiomna agus an dlí Giúdach do na mná.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]