Vicipéid na Giúdaise
Cuma
| Teanga | An Ghiúdais |
|---|---|
| Dáta cruthaithe | 3 Márta 2004 |
| Ceadúnas | CC BY-SA 3.0 agus Ceadúnas Saorcháipéisíochta GNU |
| Aibítir | Aibítir Eabhraise |
| Staitisticí | |
| Ailt | 15,647 |
| Úsáideoirí cláraithe | 59,214 |
| Riarthóirí | 3 |
| Leathanaigh iomlána | 44,443 |
| Comhaid áitiúla | 985 |
| Vicipéid na Giúdaise | |
Leagan as Giúdais den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Giúdaise. Tháinig Vicipéid na Giúdaise ar an bhfód ar 3 Márta 2004, agus foilsíodh an chéad alt ar 28 de mhí na Samhna sa bhliain chéanna. Bhí 6,000 alt ann i mí Márta na bliana 2009. Úsáidtear script den chineál ar a dtugtar abjad (an cineál céanna a scríobhtar chun an Eabhrais a scríobh) le beagnach achan rud i Vicipéid na Giúdaise a scríobh. I gcás abjad bíonn comharthaí ann i gcomhair na gconsan ach, de ghnáth, ní i gcomhair na ngutaí. Is í Vicipéid na Giúdaise an 121ú Vicipéid is mó dá bhfuil ann. Ar an 26 Iúil 2019, bhí 14,780 alt ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Liosta de leaganacha na Vicipéide ar Meta-Wiki