An Pholainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Polainnis)
Infotaula de llenguaAn Pholainnis
język polski agus polszczyzna
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais39,700,000 (2019)
Dúchasach doPolannaigh, Kashubians (en) Aistrigh, Silesians (en) Aistrigh, Frýdek-Místek District (en) Aistrigh, an Pholainn, Žilina agus Lviv Oblast (en) Aistrigh
Stáitan Pholainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha iartharacha
Lechitic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheCouncil for the Polish Language (en) Aistrigh
Staidéar agPolish studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1pl
ISO 639-2pol
ISO 639-3pol
Glottologpoli1260
Ethnologuepol
ASCL3602
IETFpl

Is í an Pholainnis (język polski, polszczyzna) an teanga is líonmhaire cainteoirí i bhfoghrúpa Iartharach na dteangacha Slavacha. Tá sí á labhairt ag tríocha ocht milliún duine sa Pholainn féin. Thairis sin, tá pobail mhóra de lucht imirce á labhairt sna Stáit Aontaithe, san Fhrainc, sa Ghearmáin, san Astráil agus ina lán tíortha eile. Tá sí á saothrú ag mionlaigh dhúchasacha sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Bhealarúis agus san Úcráin. Thairis sin, bíonn intleachtóirí sna tíortha seo á foghlaim agus á húsáid le leas a bhaint as na saothair thaighde a fhoilsítear sa Pholainn agus as Polainnis, nó is minic a bhíonn cúrsaí a dtíortha féin á gcardáil ansin. Teanga thábhachtach is ea an Pholainnis do gach duine a bhíonn ag plé le léann Oirthear na hEorpa. Tríd is tríd, is féidir a mhaíomh go bhfuil an Pholainnis ag seasca milliún duine ar fud an domhain.

Teangacha Gaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gaol sách dlúth ag an bPolainnis leis an tSeicis, an tSorbais agus an tSlóvaicis, agus í réasúnta intuigthe ag lucht labhartha na dteangacha sin. Mar sin féin, ní hiad seo na teangacha is gaolmhaire léi. Is gnách mionghrúpa na dteangacha Léicíteacha a aithint nó a phostaláidiú i bhfoghrúpa Iartharach na dteangacha Slavacha, agus is iad an Pholainnis, an Chaisiúbais agus an tSlóivintis na teangacha Léicíteacha. Ar an drochuair, ní labhraítear an Chaisiúbais ach faoin tuath agus i gcathracha beaga thart timpeall ar Gdańsk i dtuaisceart na Polainne. Ós rud é go bhfuil sí i síortheagmháil leis an bPolainnis, is gnách le lucht a labhartha chomh maith le Polannaigh eile dearcadh ar an gCaisiúbais mar chanúint de chuid na Polainnise, fág is nach bhfuil na teangeolaithe taobh amuigh den Pholainn ar aon bharúil leo. Maidir leis an tSlóivintis, teanga is ea í atá ag dul in éag, nó fiú básaithe féin. Bhí sí á labhairt i gcúpla sráidbhaile sa Phoimearáin roimh an dara cogadh domhanda. Níor dhearc lucht a labhartha orthu féin mar Shlavaigh, áfach, ach mar Ghearmánaigh a raibh canúint Shlavach á labhairt acu, agus nuair a d'éalaigh siad go dtí an Ghearmáin i ndeireadh an chogaidh, ní raibh aon mhoill orthu dearmad a dhéanamh den teanga. Bhí an tSlóivintis sách gar don Chaisiúbais, agus lucht a labhartha ag tabhairt Leba-Kaschuben orthu féin as Gearmáinis.

"Wasserpolnisch"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a bhí canúint éigin de chuid na Polainnise á labhairt ag cuid de na Gearmánaigh a d'éalaigh ó oirthear na Gearmáine i ndeireadh an dara cogadh domhanda, agus na críocha seo le titim leis an bPolainn. Nó bhíodh canúintí den chineál sin beo fiú ina mbéal siúd a raibh meas na nGearmánach acu orthu féin, agus an Ghearmáinis mar theanga scríofa, liteartha agus chultúrtha acu. Thugtaí Wasserpolnisch ("Polainnis uisciúil") ar na canúintí seo as Gearmáinis, ó ba rud é go raibh siad fágtha gan saothrú, agus an eilimint Shlavach iontu "báite" leis na focail iasachta ón nGearmáinis.

Aibítir[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Ą B C Ć D E Ę F G H I J K L Ł M N Ń O Ó P R S Ś T U W Y Z Ż Ź

Fuaimniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an bhéim ar an dara siolla is deireanaí i ngach focal Polainnise. Níl ach cúpla eisceacht ann, go háirithe focail iasachta ó na teangacha clasaiceacha, ar nós uniwersytet "ollscoil", matematyka "matamaitic", fizyka fisic, agus an bhéim ar an tríú siolla is deireanaí iontu. Thairis sin, tá roinnt mhaith foirmeacha briathair ann ina bhfuil an bhéim ar an tríú siolla is deireanaí chomh maith, toisc nach iarmhíreanna iad na hiarmhíreanna pearsanta sna foirmeacha seo, ach foirmeacha lagaithe den bhriathar úd być "bheith" agus iad curtha le rangabháil an bhriathair. Nó is féidir na hiarmhíreanna seo a dhealú ón mbriathar féin agus a chur leis an chéad fhocal san abairt:

czytaliście "bhí sibh ag léamh" — co czytaliście?coście czytali? "cad é a bhí sibh a léamh?

czy czytaliście?czyście czytali? "an raibh sibh ag léamh?".

Maidir le prionsabail litrithe na Polainnise, tá siad sách furasta le foghlaim. Níl siad in aon chóngar do bheith chomh casta le litriú an Bhéarla nó na Gaeilge. Tríd síos, seasann gach litir d'aon fhóinéim amháin. Tá eisceachtaí tábhachtacha ann, áfach:

— Is ionann /cz/ an litrithe agus [ʧ], nó /ch/ an Bhéarla. Sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSorbais agus i litriú Laidineach na Bílearúisise, úsáidtear an litir úd /č/ leis an bhfuaim seo a chur ar pár.

— Is ionann /sz/ an litrithe agus [ʃ], nó /sh/ an Bhéarla. Úsáideann an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSorbais agus an Bhílearúisis an litir úd /š/ leis an bhfuaim seo a scríobh síos.

— Is ionann fuaimniú na litreach úd /ż/ agus fuaimniú an chomhcheangail úd /rz/, nó [ʒ]—is é sin, an leagan glórach de /sh/ an Bhéarla, agus é le cloisteáil san fhocal pleasure, cuir i gcás. Tabhair faoi deara nach bhfuil an /rz/ cosúil le /ř/ na Seicise a thuilleadh. Is léir gurb í an fhuaim chéanna a bhí ann ar dtús, ach cailleadh an difríocht sin sa chaint. Mar sin féin, tá an litriú malartach coimeádta sa Pholainnis nuair atá bunús stairiúil leis, cf. lekarz na Polainnise agus lékař na Seicise—"dochtúir" nó "lia" is brí leis an dá fhocal.

— Níl ach bunús stairiúil leis an litir úd /ó/, ach an oiread. Is mar [u], cosúil le /u/ na Polainnise, a fhuaimnítear é, ó d'imigh an difríocht idir guta fada agus guta gairid as an gcaint. Nuair a úsáidtear an litir seo /ó/, bíonn /o/ san fhocal céanna sna teangacha Slavacha eile, cf. góra "sliabh" na Polainnise agus hora na Seicise nó гора (gora) na Rúisise.

— Tráth den tsaol, ba nós le formhór na bPolannach an litir úd /ł/ a fhuaimniú cosúil le "ll" leathan na Gaeilge, nó an dóigh a bhfuaimníonn an Sasanach an /l/ i bhfocail cosúil le bellfill an Bhéarla. Inniu, áfach, ní chloistear an fuaimniú seo ach ag cainteoirí na gcanúintí oirthearacha nó deisceartacha, ó tá tacaíocht acu don fhuaim seo ó theangacha na gcomharsan, ar nós na Slóvaicise agus na hÚcráinise, cuir i gcás. Sa chuid is mó den Pholainn, áfach, is í an fhuaim a bhaintear as an litir seo ná [w], nó /w/ an Bhéarla.

— Maidir le /w/ na Polainnise, áfach, is mar [v] a fhuaimnítear é. Níl gá ná glacadh leis an litir /v/ sa Pholainnis ach sna hiasachtaí is úire ó theangacha coimhthíocha, cosúil le diva ón Iodáilis; nuair a chuirtear iarmhíreanna díochlaonta leis na hiasachtaí seo, is minic a thagann an /w/ in áit an /v/ cheana leis an bhfuaimniú ceart a chinntiú: mówiliśmy o tej wielkiej diwie "bhí muid ag labhairt faoin diva mhór seo".

— Seasann an dá litir úd /ą/ agus /ę/ do ghutaí srónacha. Is ionann /ą/ agus [ɔ̃] , cosúil le /on/ na Fraincise. Ar ndóigh, is mar [ɛ̃] (/in/ na Fraincise) a chloistear an litir úd /ę/. Nó sin é an dóigh a bhfuaimnítear iad de réir na teoirice. Go praiticiúil, is dual don dá ghuta shrónacha titim as a chéile le gnáthghuta agus consan srónach a dhéanamh. Mar shampla, is é an fíor-fhuaimniú a bhaintear as an bhfocal ręka ("lámh") ná [rɛŋka]—bheadh sé chomh maith agat é a litriú mar */renka/, mar sin.

— Maidir leis an dá litir úd /i/ agus /y/, is gnách a rá go bhfuil /y/ níos cosúla le /ao/ na Gaeilge, ach le fírinne níl an difríocht fuaime róshoiléir—thar aon rud eile níl sí leath chomh láidir agus an difríocht idir /и/ agus /ы/ na Rúisise. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí gur guta caol é an t-/i/, díreach cosúil le gutaí caola na Gaeilge a fhágann blas an charbaill ar an gconsan atá ina n-aice. Úsáidtear an kreska, atá cosúil le síneadh fada na Gaeilge, os cionn litreacha consanacha áirithe: /ć/, /ś/, /ń/, — lena chur in iúl gur consain chaola iad, ach níl gá leis an gkreska ach i ndeireadh an fhocail nó roimh chonsain eile, nó má thagann an guta [i] tar éis an gconsan caol, caolóidh an guta seo é cibé scéal é, agus má thagann guta eile ina dhiaidh, cuirfear an litir /i/ mar shleamhnóg idir an consan caol agus an guta: solidarność [solidarnoɕʨ] "dlúthpháirtíocht", ciocia [ʨoʨa] "aintín", wziąć [vʑɔɲʨ] "tógáil, glacadh, gabháil", weź! [vɛɕ] "tóg! glac! gabh!"

— Cén fáth a bhfuaimnítear an focal weź! mar [vɛɕ]—díreach mar a scríobhfaí mar */weś/ é—agus an litriú ag tabhairt le fios gurb é an ceartfhuaimniú ná [vɛʑ]? Bhuel, caillfidh na consain ghlóracha a nglórú má chuirtear i ndeireadh an fhocail iad. Mar sin, déantar [t] den /d/ agus [k] den /g/ san fhuaimniú freisin, siúd is nach dtaispeántar é sa litriú.

Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gramadach na Polainnise, tríd síos, sách cosúil le gramadach na dteangacha Slavacha eile, ach is é an rud is suntasaí fúithi ná chomh rialta agus atá sí. Na mírialtachtaí a bhaineann le gramadach na Rúisise toisc go raibh an oiread sin tionchair ag an tSean-Slaivis Eaglasta ar an teanga sin, níl a leithéid ag baint leis an bPolainnis.

Tá an difríocht idir foirmeacha foirfe (dokonany) agus neamhfhoirfe (niedokonany) na mbriathar ardtábhachtach i ngramadach na Polainnise, cosúil leis na teangacha Slavacha eile. De ghnáth, cuirtear réimír leis an ngnáthbhriathar neamhfhoirfe lena dhéanamh foirfe:

czytać "(bheith ag) léamh" (neamhfhoirfe), przeczytać "léamh (gníomh léitheoireachta a chríochnú, an leabhar a léamh go deireadh)":

Czytałem napisy na ścianach — "Bhí mé ag léamh scríbhinní ar na ballaí";

Przeczytałem napisy na ścianach — "Léigh mé na scríbhinní ar na ballaí".

Murab ionann agus sa Rúisis, tá iarmhíreanna pearsanta ag na briathair san aimsir chaite:

przeczytałem "léigh mé" (fear ag caint) (Rú. я прочитал / ya prochital);

przeczytałam "léigh mé" (bean ag caint) (Rú. я прочитала / ya prochitala);

przeczytałeś "léigh tú" (ag labhairt le fear) (Rú. ты прочитал / ty prochital);

przeczytałaś "léigh tú" (ag labhairt le bean) (Rú. ты прочитала / ty prochitala);

przeczytałyśmy "léigh muid" (mná ag caint) (Rú. мы прочитали / my prochitali);

przeczytaliśmy "léigh muid" (fir ag caint, nó fir agus mná ag caint) (Rú. мы прочитали / my prochitali freisin).

Mar a chonaic muid thuas, áfach, seanfhoirmeacha den bhriathar úd być "bheith" is ea na hiarmhíreanna seo ó thús, agus is féidir iad a scaradh ón mbriathar i gcónaí agus a chur leis an chéad fhocal faoi bhéim san abairt: przeczytaliście "leigh sibh", czyście przeczytali? "ar léigh sibh?" (arb ionann é agus czy przeczytaliście?).

Foclóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an Pholainnis cuid mhaith focal ar iasacht ón Laidin, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt i dtír a bhí chomh mór sin faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí. Murab ionann agus an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, úsáideann an Pholainnis an leagan Laidine d'ainmneacha na dtíortha Eorpacha, amach ó chúpla eisceacht: Austria "An Ostair", cf. Rakousko na Seicise; Irlandia "Éire", cf. Írsko na Slóvaicise. Cuid de na focail Laidine, ar ndóigh, chuaigh siad chomh greamaithe i smior na teanga is nach bhfuil sé furasta na fréamhacha iasachta a aithint, cf. przywilej "pribhléid".

Nuair a tosaíodh ag scríobh Polainnise, bhí an tSeicis i bhfad níos tábhachtaí ná an Pholainnis mar theanga liteartha. Mar sin, tháinig cúpla focal isteach ón tSeicis, cosúil le brama "geata" agus hańba "náire". Dá mba focail dúchasacha Polannacha iad, is é an chuma a bheadh orthu ná broma agus gańba.

Ar ndóigh, tháinig na céadta focal isteach ón nGearmáinis, in imeacht na mblianta. Bhí na cathracha Polannacha go mór mór i dtuilleamaí na Gearmáine le múnlaí na heagraíochta a thabhairt don chóras riaracháin, do na gildeanna agus do na ceardchuallachtaí, agus mar sin, fuarthas go leor focail ar iasacht a bhaineann leis an trádáil, leis na ceirdeanna agus leis an saol cathartha: ratusz "teach an bhardais" (Rathaus), szlachta "uaisle, uasalaicme" (Geschlecht = treibh, treabhchas, teaghlach, inscne, gnéas), murarz "bríceadóir" (Maurer), malarz "péintéir" (Maler), makler "bróicéir" (Makler), handel "trádáil" (Handel), 7rl.

Bhí an Fhraincis ina foinse thábhachtach iasachtaí freisin: kordon sanitarny "crioslach slándála" (< cordon sanitaire), racja stanu "sainleas náisiúnta" (< raison d'état).

Stair na Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an téacs liteartha is sine atá fágtha againn i dteanga ar féidir Polainnis a thabhairt uirthi ná Kazania świętokrzyskie nó Seanmóirí na Croise Naofa. Baineann an chóip is sine de na Seanmóirí leis an gceathrú haois déag, ach tá sé incheaptha go bhfuil an saothar féin i bhfad níos sine. Dealraíonn sé, áfach, go raibh traidisiún éigin litríochta ann roimhe sin féin, nó is obair chríochnaithe iad na Seanmóirí seo, agus cuma an tseanchleachtais ar an scríbhneoireacht. Is iomaí saineolaí a deir gur féidir go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú sa Pholainn féin sular tháinig scoilt idir an Róimh agus an Biosáintiam, agus gurbh iad na Biosáintigh a chuir an chéad síol le traidisiún liteartha na Polainnise. Ní féidir aon fhianaise dhíreach a fháil leis an hipitéis seo a fhíorú, áfach. Is fíor go bhfuil tionchar an traidisiúin Bhiosáintigh le haithint, cuir i gcás, ar an iomann clúiteach úd Bogurodzica dziewica ("Máthair Dé, an Mhaighdean"). Is é an t-iomann seo an téacs líriciúil is sine atá ar fáil sa Pholainnis, agus é, mar a chreidtear, cumtha sa tríú haois déag, siúd is nach bhfuil cóipeanna scríofa ar fáil ach ón gcúigiú haois déag anuas.

Níor scríobhadh an Pholainnis riamh ach leis na litreacha Laidineacha, díreach cosúil le teangacha Iarthar na hEorpa. Níor cuireadh na litreacha Coireallacha i bhfeidhm uirthi riamh ach le habairtíní den Pholainnis a mhúineadh do dhaoine a n-úsáideann a dteanga dhúchais féin an aibítir Choirilleach, ar nós na Rúisise. Bhí sé deacair, áfach, na litreacha Laidineacha a chur in oiriúint don Pholainnis, agus chuir an fhadhb seo ar feadh i bhfad isteach ar fhorbairt na litríochta sa teanga. B'é Jakub Parkoszowic, thiar sa chúigiú haois déag, a rinne an chéad iarracht le ceartlitriú na Polainnise a chaighdeánú, ach níor leigheas sé an fhadhb ná geall leis.

Sa 16ú haois, áfach, chuaigh an Pholainnis go mór chun cinn mar theanga chultúrtha. San am sin, bhí an Pholainn ina mórchumhacht Eorpach, agus an teanga á saothrú is á labhairt ag na huaisle san Úcráin, sa Bhealarúis agus sa Liotuáin féin, ós rud é go raibh na tíortha seo ina gcúigí Polannacha nó faoi thionchar polaitiúil na Polainne. In aithris ar an tSeicis agus ar an nGearmáinis, thosaigh na Polannaigh ag cur caoi ar an teanga le go mbeadh sí inúsáidte sa litríocht. Cosúil leis an nGearmáinis, a caighdeánaíodh faoin am céanna, níl norm na Polainnise liteartha bunaithe ar aon chanúint ar leith, ach ar an trí phríomhchanúint is mó araon: an Mhór-Pholainnis (a labhraítear timpeall ar Poznań in iarthar na tíre), an Mhion-Pholainnis (a labhraítear thart ar Chracó in oirdheisceart na tíre) agus an Mhasóivis (a bhaineann leis an gcúige in aice le Vársá). Tháinig an litríocht shaolta chun cinn, scríbhneoirí ar nós Marcin Bielski, Łukasz Górnicki, Jan Kochanowski, Stanisław Orzechowski agus Mikołaj Rej.

Siúd is gur tuigeadh tábhacht na teanga caighdeánaithe, níor féachadh le focail iasachta a choinneáil amuigh. A mhalairt ar fad, tháinig téarmaí isteach ón Laidin, ón nGearmáinis, ón bhFraincis, ón Iodáilis agus ón tSeicis. Sa seachtú haois déag, fágadh na srianta ar lár ar fad, agus d'fheicfeá abairtí iomlána Laidine dingthe isteach i measc na Polainnise. Is léir gurbh iad na daoine uaisle ba mhó a rachadh i mbun pinn ag an am, agus gur theastaigh uathu a n-ardoideachas a thaispeáint dá chéile. Ní raibh gach duine sásta leis an macarónachas seo, nó bhí scríbhneoirí ann a fuair locht air, agus iad den tuairim go mbeadh stíl ní b'fhearr de dhíth lena ceart a thabhairt don Pholainnis mar theanga scríofa.

Sa seachtú haois déag a tháinig deireadh leis an macarónachas seo. Thosaigh an Eaglais ag cur béime ar úsáid na Polainnise in áit na Laidine. Ó bhí cúrsaí na scolaíochta fágtha faoin Eaglais Chaitliceach, bhí an-tionchar ag an athrú seo ar theanga na scoileanna agus, fiú, ar an téarmaíocht. Tosaíodh ag forbairt téarmaí Polainnise, agus tháinig cumainn eolaíochta agus oideachais ar an bhfód leis an bPolainnis léannta a shaothrú. Maidir leis an litríocht ealaíonta, thosaigh sí ag déanamh aithris ar chaint na ndaoine agus ar sheanscéalta an bhéaloidis. Mar sin, tháinig gontacht agus tráthúlacht chainte i leaba an Laidineachais. Ba chuid den Rómánsachas an fhorbairt seo, agus an troid in aghaidh thíorántacht na Rúise ag tabhairt breosla don litríocht Rómánsach. B'iad Adam Mickiewicz agus Juliusz Słowacki filí móra an Rómánsachais sa Pholainn.

Nuair a bhain an Pholainn amach an neamhspleáchas i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, baineadh na srianta deireanacha d'fhorbairt na Polainnise mar theanga chultúrtha. Tháinig sraith fhada scríbhneoirí bunúla nua-aimseartha ar an bhfód: Witold Gombrowicz, Stanisław Ignacy Witkiewicz, Sergiusz Piasecki, Bruno Schulz, Józef Mackiewicz, Jerzy Andrzejewski, Czesław Miłosz, Tadeusz Borowski, Stanisław Lem, Ryszard Kapuściński, Paweł Huelle... Bhain ceathrar scríbhneoirí Polannacha Duais Nobel na Litríochta amach freisin: Henryk Sienkiewicz, Władysław Reymont, Czesław Miłosz agus Wisława Szymborska.

An Polainnis taobh amuigh don Polainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seachas na 37.4 milliún cainteoirí dúchasach Polainnis sa Polainn tá an teanga le cloiseant in áiteanna éagsúla ar fud an domhan.

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2001 ba í Polainnis an mháthairtheanga do 53,387 duine san Astráil.

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2011 ba í Polainnis an mháthairtheanga do 191,645 duine i gCeanada, shíos ó 211,175 duine i 2006.

Poblacht na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Polainnis an teanga iasachta is comónta i bPoblacht na hÉireann agus í an mháthairtheanga do 113,488 duine (2.5% de dhaonra Poblacht na hÉireann) i bPoblacht na hÉireann.

Oileán Fharó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2014 bhí Polainnis an céad theanga do 40 duine in Oileán Fharó.

An Fhrainc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Polainnis an mháthairtheanga do timpeall ar 190,000 duine sa Fhrainc(2000).

An Íoslann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2014 bhí thart ar 10,000 Polannach i gcónaí san Íoslann.

An Ríocht Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir daonáireamh Sasana agus an bhreatan beag 2011 bhí Polainnis an príomtheanga do thart ar 546,000 duine i Shasana agus sa bhreatain beag. I 2010 bhí Polainnis an príomtheanga do 17,731 duine i Tuaisceart Éireann. I 2011 bhí Polainnis an príomtheanga do 54,186 (1.06%) duine in Albain.

An Rúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Polainnis an mháthairtheanga do 94,000 duine sa Rúis.

S.A.M.[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010 ba í Polainnis an mháthairtheanga do 604,234 duine i S.A.M. de réir an American community survey.

Poblacht na Seice[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga aitheanta mionlach í an Polainnis i bPoblacht na Seice

An Úcráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1993 ba í Polainnis an mháthairtheanga do 1,140,000 duine san Úcráin.

Sampla[cuir in eagar | athraigh foinse]

As alt na Vicipéide Polannaí faoin bPolainnis:

Każdy język podlega ciągłym zmianom, z których niektóre w końcu się przyjmują głęboko w języku, inne zaś mają ograniczony wpływ na język lub też odchodzą zupełnie w zapomnienie. Również we współczesnej polszczyźnie zachodzi wiele zmian, zarówno gramatycznych jak i leksykalnych. Nie można z góry powiedzieć że jedne zmiany są dobre a inne złe — o tym które zwyciężą zdecydują dzisiejsi i przyszli użytkownicy języka polskiego.

"Bíonn gach teanga ag athrú gan stad gan staonadh. Téann cuid de na hathruithe go smior sa teanga. Cuid eile, níl ach tionchar teoranta acu uirthi, agus cuid eile fós á ligean i ndearmad go hiomlán. Is iomaí athrú is féidir a aithint ar Pholainnis an lae inniu freisin, idir ghramadach agus stór focal. Ní féidir a rá roimh ré cé acu atá athrú áirithe ag dul chun leasa don teanga nó ag déanamh dochair di. Is iad cainteoirí na teanga inniu agus amárach a shocróidh, cé acu a mhairfidh a leithéid sa teanga nó nach mairfidh".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]