Stanisław Lem

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaStanisław Lem

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pl) Stanisław Herman Lem
12 Meán Fómhair 1921
Lviv, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 2006
84 bliana d'aois
Kraków, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaSalwator Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Lviv
Ollscoil Jagiellonian
Danylo Halytsky Lviv National Medical University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilAbsolutorium (en) Aistrigh
Áit chónaitheKraków
Vín
Lviv
Teanga dhúchaisan Pholainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, ficsean eolaíochta, drámaíocht agus litríocht ficsean eolaíochta
Gairmfealsamh, scríbhneoir, file, dochtúir leighis, taighdeoir, todhchaíoch, scríbhneoir scripte, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir aistí, aorthóir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1946 –
Ball de
SeánraLitríocht ficsean eolaíochta, ficsean eolaíochta, futures studies (en) Aistrigh, aoir agus fealsúnacht
TeangachaBéarla, an Pholainnis, an Rúisis agus an Ghearmáinis
GníomhaireFranz Rottensteiner
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileBarbara Lem (1953–2006), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTomasz Lem Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSamuel Lem
Duine muintearthaHenryk Hescheles (male cousin (en) Aistrigh)
Marian Hemar (col ceathair fir)
Janina Altman (female cousin (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe do
Síniú

Suíomh gréasáinlem.pl Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0501015 Allocine: 72851 Allmovie: p217811
Facebook: stanislawlem iTunes: 147262798 Musicbrainz: 7302fd79-fb9a-452e-b404-220fa94e6196 Discogs: 1506058 Find a Grave: 13754110 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an Pólannach Stanisław Herman Lem (Polainnis: [staˈɲiswaf ˈlɛm] (éist);(12 Meán Fómhair 1921 – 27 Márta 2006), ina scríbhneoir ficsin eolaíochta agus aistí ar ábhair éagsúla, lena n - áirítear fealsúnacht, fáistineolaíocht, agus léirmheastóireacht liteartha. Is iomaí scéal ficsin eolaíochta dá chuid atá aorach agus greannmhar. Aistríodh leabhair Lem go níos mó ná 50 teanga agus tá níos mó ná 45 milliún cóip díolta acu.[1] Ar fud an domhain, tá aithne air mar údar an úrscéil Solaris ó 1961. I 1976 scríobh Theodore Sturgeon gurbh é Lem an scríbhneoir ficsean eolaíochta is mó léamh ar domhan.

Is é Lem an t-údar ar an saothar fealsúnach bunúsach " Summa Technologiae ", ina thuar sé cruthú na réaltachta fíorúla agus na hintleachta saorga. Freisin, d'fhorbair sé smaointe na huathéabhlóide daonna, cruthú domhan saorga, agus go leor eile. Scrúdaíonn a shaothair ficsin eolaíochta téamaí fealsúnachta trí thuairimíocht ar theicneolaíocht, nádúr na hintleachta, neamhfhéidearthacht na cumarsáide agus na tuisceana le hintleacht choimhthíoch agus, éadóchas faoi shrianta daonna, agus áit na daonnachta sa chruinne. Clúdaíonn a chuid aistí agus leabhair fealsúnacha iad seo agus go leor ábhar eile.

Bíonn sé deacair a shaothair a aistriú mar gheall ar nuafhocail mionsaothraithe Lem agus imeartas focal nathach.. D’fhógair Parlaimint na Polainne 2021 Bliain Stanisław Lem.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach Uimh. 4 ar Shráid Bohdan Lepky i Lviv, áit ar chaith Lem a óige, de réir a dhírbheathaisnéise Highcastle.

Rugadh Lem i 1921 i Lwów, an Pholainn idirchogaidh (Lviv, an Úcráin anois). De réir a chuntais féin, rugadh é ar 13 Meán Fómhair i ndáiríre, ach athraíodh an dáta go dtí an 12ú ar a theastas breithe mar gheall ar bhaothchreideamh.[3] Ba mhac é le Sabina née Woller (1892–1979) agus Samuel Lem [note 1] (1879–1954), laraingeolaí saibhir agus iar-lia in Arm na hOstra-Ungáire, agus col ceathrair leis an bhfile Polannach Marian Hemar (mac deirfiúr athar Lem).[4] Sna blianta ina dhiaidh sin mhaígh Lem uaireanta gur tógadh é ina Chaitliceach Rómhánach, ach chuaigh sé chuig ceachtanna reiligiúnacha Giúdacha le linn a bhlianta scoile. D'éirigh sé ina aindiachaí ina dhiaidh sin "ar chúiseanna morálta ... is cosúil go bhfuil an domhan curtha le chéile ar bhealach chomh pianmhar gur fearr liom a chreidiúint nár cruthaíodh é ... d'aon ghnó". Sna blianta ina dhiaidh sin thabharfadh sé agnóisí agus aindiachaí air féin.[5]

Tar éis fhorghabháil Shóivéadaigh in iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise sa bhliain 1939, ní raibh cead aige staidéar a dhéanamh i bPolaiteicnic Lwow mar ba mhian leis mar gheall ar a “bhunús bourgeois ”, agus ach amháin de bharr thionchar a athar glacadh leis chun staidéar a dhéanamh ar leigheas in Ollscoil Lwów i 1940. Le linn fhorghabháil na Naitsithe ina dhiaidh sin (1941–1944), sheachain teaghlach Giúdach Lem socrúchán sa Geiteo Naitsíoch i Lwów, agus iad ag maireachtáil le páipéir bhréagacha. Chuimhnigh sé níos déanaí:

Le linn na tréimhse sin, d'fhoghlaim mé ar bhealach an - phearsanta, praiticiúil nach Airianach mé. Bhí a fhios agam go raibh mo sinsear Giúdaigh, ach ní raaibh a fhios agam aon rud faoin gcreideamh Maoiseach agus, ar an drochuair, dada ar bith den chultúr Giúdach. Mar sin, ó cheart, ní raibh ann ach an reachtaíocht Naitsíoch a thug an tuigbheáil domh go raibh fuil Ghiúdach i mo chuid féitheacha.

Le linn na tréimhse sin, thuill Lem slí bheatha mar mheicneoir gluaisteáin agus mar tháthaire, agus ó am go chéile ghoid sé muinisin ó thithe stórais (a raibh rochtain aige orthu mar fhostaí de chuid comhlachta Ghearmánaigh) chun iad a chur ar aghaidh go dtí trodaí frithbheartaíochta Pholannach.

Sa bhliain 1945, ionghabhadh Lwow leis an Úcráin Shóivéadach, agus athlonnaíodh an teaghlach, mar aon le go leor saoránach Polannach eile, go Kraków, áit a ndeachaigh Lem, ar éileamh a athar, i mbun staidéir leighis san Ollscoil Iagailleonach. Ní dhearna sé a chuid scrúduithe deiridh d'aon ghnó, chun gairm an dochtúra míleata a sheachaint, rud a cheap sé a d'fhéadfadh a bheith ar feadh a shaoil.[note 1] Tar éis dó absolutorium a fháil (téarma Polainnis mar fhianaise ar chríochnú an staidéir gan dioplóma), rinne sé obair mhíosúil éigeantach in ospidéal, ag barda máithreachais, áit ar chuidigh sé le roinnt breitheanna linbh agus gearradh Caesarach. Dúirt Lem go raibh radharc na fola ar cheann de na cúiseanna ar shocraigh sé gan leigheas an chleachtadh..

Cáil a bhaint amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stanislaw Lem agus spásaire bréagáin, 1966

Chuir Lem tús lenachuid oibre liteartha i 1946 le roinnt foilseachán i seánraí éagsúla, lena n-áirítear an fhilíocht ina measc, chomh maith lena chéad úrscéal ficsean eolaíochta, Człowiek z Marsa (Fear ó Mhars), srathaithe in Nowy Świat Przygód  (Domhan Nua na nEachtraí). Idir 1948 agus 1950 bhí Lem ag obair mar chúntóir taighde eolaíochta in Uniwersytet Jagielloński w Krakowie (an Ollscoil Iagailleonach), agus d'fhoilsigh sé roinnt gearrscéalta, dánta, léirmheasanna, srl., go háirithe san irisleabhar seachtainiúil <a href="https://en.wikipedia.org/wiki/Tygodnik_Powszechny" rel="mw:ExtLink" title="Tygodnik Powszechny" class="cx-link" data-linkid="255">Tygodnik</a> Powszechny. Sa bhliain 1951, d'fhoilsigh sé a chéad leabhar, Astronauci (Na spásairí).[6] I 1953 bhuail sé agus phós sé (pósadh sibhialta) Barbara Leśniak, mac léinn leighis. Rinneadh a searmanas pósta eaglaise i mí Feabhra 1954. I 1954, d’fhoilsigh sé díolaim ghearrscéalta, Sezam i inne opowiadania ( Seasamain agus Scéalta Eile). An bhliain dár gcionn, 1955, foilsíodh úrscéal ficsean eolaíochta eile, Obłok Magellana *(Scamall Magellan).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Sci-fi king Stanisław Lem is still considered master of his genre". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 July 2020. Dáta rochtana: 14 September 2019.
  2. Sejm wybrał patronów roku 2021”. www.sejm.gov.pl. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 November 2020. Dáta rochtana: 28 November 2020.
  3. Wojciech Orliński (2017). "Lem. Życie nie z tej ziemi". Wydawnictwo Czarne/Agora SA. ISBN 978-83-8049-552-4. 
  4. Lem's FAQ”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 June 2007.
  5. В.
  6. One hundred years ago today, Stanisław Lem was born. He would go on to become one of the world's greatest sci-fi writers”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 September 2021. Dáta rochtana: 14 September 2021.


Earráid leis an lua: <ref> tags exist for a group named "note", but no corresponding <references group="note"/> tag was found