Ficsean eolaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFicsean eolaíochta

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálspeculative/fantastic fiction genre (en) Aistrigh agus téarma litríochta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábhareolaíocht agus teicneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Seánra ficsin is ea an ficsean eolaíochta (nó an finsceolaíocht uaireanta) a dhéanann tuairimíocht ar an todhchaí agus ar na forbairtí ardteicneolaíochta a bheidh i ndán dúinn. Tá ráchairt mhór inniu ar an bhficsean eolaíochta ina lán meán éagsúil cosúil le leabhair, seónna teilifíse, scannáin, ríomhchluichí, amharclannaíocht agus araile. Ní féidir i gcónaí an ficsean eolaíochta a aithint thar sheánraí eile den chineál ficsin ar a dtugtar ficsean tuairimeach air, cosúil leis an litríocht fantaisíochta agus an litríocht uafáis.

Is é an phríomhdhifríocht idir an ficsean eolaíochta agus an litríocht fantaisíochta go mbíonn craiceann inchreidte éigin ar imeachtaí an fhicsin eolaíochta agus é bunaithe ar an eolaíocht agus ar na dlíthe nádúrtha, nó ar a laghad, go mbíonn na himeachtaí éadóchúla ag brath ar ghléasra ardteicneolaíochta a bhfuil cuma réasúnta inchreidte air de réir shaoltaithí an léitheora. Bíonn na scríbhneoirí ag iarraidh cur síos a thabhairt ar an saol difriúil a bheadh ann dá mbeadh na haireagáin ardteicneolaíochta ann i ndáiríre agus ar na difríochtaí idir ár sochaí féin agus an tsochaí a bheadh ann ansin. Ansin atá cuid mhór den draíocht a chuireann an ficsean eolaíochta ar an léitheoir, agus bíonn idéanna spéisiúla den chineál sin níos tábhachtaí, go minic, ná an charachtracht agus an phlotáil. Sin é an tuige go dtugtar "litríocht na n-idéanna" ar an bhficsean eolaíochta chomh maith.

Ar na saintréithe seo is minic a aithnítear an ficsean eolaíochta:

  • Tá na himeachtaí suite i malairt saoil agus i malairt staire: cuir i gcás go bhfuil Hitler tar éis an Dara Cogadh Domhanda a ghnóthú (Fatherland le Robert Harris, SS-GB le Len Deighton, nó The Man in the High Castle le Philip K. Dick), nó an Ghaeilge á labhairt go forleathan ag uasal is ag íseal ar fud na hÉireann (A.D. 2016 le Pádraig Standún).
  • Tá na himeachtaí suite amuigh sa spás i bhfad ón Domhan, agus neachanna eachtardhomhanda ag baint leis an bplota.
  • Tá teicneolaíocht ann nach bhfuil ag cloí le dlíthe an nádúir mar is aithin dúinn iad inniu.
  • Cuid den scéal is ea an dóigh a n-aithnítear dlíthe nua nádúir nach eol dúinn inniu, agus iad á gcur in oiriúint don teicneolaíocht. Samplaí de seo is ea léamh na hintinne (The Demolished Man le Alfred Bester), an cianiompar nó an léim tríd an hipearspás (Tiger, Tiger! le hAlfred Bester, a chuaigh i gcló faoin teideal The Stars My Destination freisin), an róbataic agus na róbait dhaonchosúla (scéalta róbataice le hIsaac Asimov faoi Powell agus Donovan, nó faoi Susan Calvin), an taisteal forsholasach (sárú luas an tsolais), agus araile. Is fiú na scéalta diostóipeacha a lua anseo freisin, is é sin, na scéalta faoin dóigh a gcuireann an teicneolaíocht an tsochaí ó mhaith, ionas go dtagann deachtóireacht agus ollsmacht ar an bhfód (Fahrenheit 451 le Ray Bradbury, Brave New World le hAldous Huxley, 1984 le George Orwell, Mockingbird le Walter Tevis, nó Make Room! Make Room! le Harry Harrison).
Amazing Stories - stiallchartún ficsean eolaíochta ón mbliain 1928

Sainmhíniú an Fhicsin Eolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl sé furasta sainmhíniú ceart a fháil ar an rud is "ficsean eolaíochta" ann, go háirithe le taobhshúil ar na fosheánraí agus na téamaí ilghnéitheacha a bhaineann leis. Mar a dúirt Damon Knight, eagarthóir agus scríbhneoir, "is é an ficsean eolaíochta an rud a dtugaimid ficsean eolaíochta air nuair a phointeálaimid méar air". Tá an blas céanna ar fhocail Mark C. Glassy, nó dúirt seisean go bhfuil sainmhíniú an fhicsin eolaíochta cosúil le sainmhíniú na pornagrafaíochta: níl a fhios agat céard é féin, ach nuair a gheobhaidh tú súil air, aithneoidh tú ar an toirt é. Ba é tuairim Vladimir Nabokov, dá mbeimis ag cloí lenár gcuid sainmhínithe go dian, nach mbeadh de rogha againn ach The Tempest, an dráma le William Shakespeare, a chur san áireamh mar fhicsean eolaíochta freisin.

Robert A. Heinlein

Dúirt Robert A. Heinlein, duine de scríbhneoirí clasaiceacha an fhicsin eolaíochta, gurb é sainmhíniú gairid áisiúil a chuimsíonn an chuid is mó den tseánra ná: tuairimíocht réadúil ar imeachtaí incheaptha na todhchaí atá bunaithe ar eolas cruinn ar an saol mar atá sé agus mar a bhí sé, chomh maith le diantuiscint ar an nádúr agus ar thábhacht an mhodha eolaíochtúil. Ba dhóigh le Rod Serling ná gurb í an litríocht fantaisíochta an cineál litríochta a chuireann craiceann inchreidteachta ar an rud dodhéanta, agus gurb é an ficsean eolaíochta an cineál litríochta a chuireann craiceann indéantachta ar an rud dochreidte. Is é an tátal a bhain Lester del Rey as iomlán na ráiméise seo ná go bhfuil sé ag dul rite leis an duine is mó a ghránn an ficsean eolaíochta sainmhíniú ceart a thabhairt air, agus gurb é an chúis leis ná nach bhfuil teorainneacha soiléire timpeall ar limistéar an fhicsin eolaíochta.

Forrest J Ackerman agus an Ackermansion

Maidir leis an ngiorrúchán "sci-fi", ba é Forrest J. Ackerman in Ollscoil Chathair Los Angeles (UCLA) an chéad duine a bhain úsáid as. De réir mar a chuaigh an ficsean eolaíochta chun leitheadúlachta ar fud an phopchultúir, thosaigh na scríbhneoirí agus lucht a leanúna ag tabhairt sci-fi ar na scannáin agus na leabhair "olltáirgthe" nach raibh uaillmhian ealaíonta ag baint leo, le hiad a choinneáil scartha ón rud ar thug siad féin ficsean eolaíochta air. Is ar éigean atá gá againn leis an idirdhealú seo sa Ghaeilge, áfach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl sé as cosán a rá go bhfuil an ficsean eolaíochta chomh sean le traidisiún domhanda na litríochta agus na scéalaíochta féin, nó is féidir eilimintí den fhicsean eolaíochta a aithint i seanscéalta. Samplaí iad Taketori monogatari nó "Scéal an fhir a bhí ag gearradh bambú" (seanscéal Seapánach a breacadh síos an chéad uair sa 10ú haois AD), scéalta áirithe sa bhailiúchán "Míle Oíche agus Oíche", Theologus Autodidactus ("An Diagaire Féinteagasctha" - sin é an teideal a bhaist na haistritheoirí Laidine ar an úrscéal Araibise a scríobh Ibn al-Nafis timpeall na bliana 1270), agus Voyage de la Terre à la Lune agus Des états de la Lune et du Soleil le Cyrano de Bergerac, a mhair sa 17ú haois.

Jonathan Swift - masc mairbh

Le teacht Aois na hAigne, cumadh na chéad scéalta a raibh fíor-bhlas an fhicsin eolaíochta orthu, cosúil le Gulliver's Travels le Jonathan Swift, Micromégas le Voltaire agus Somnium leis an réalteolaí Johannes Kepler. Bhí an réalteolaí Carl Sagan agus an scríbhneoir ficsin eolaíochta Isaac Asimov den bharúil gurbh é Somnium an chéad scéal ficsin eolaíochta a scríobhadh riamh. Is é is ábhar leis ná turas go dtí an Ghealach agus an chuma atá ar an Domhan i súile an bhreathnóra ar an nGealach.

An Naoú hAois Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an ficsean eolaíochta ag síolrú i ndáiríre sa 19ú haois. Ar dtús, chuir Mary Shelley ar pár na húrscéalta Frankenstein agus The Last Man; ina dhiaidh sin, scríobh Edgar Allan Poe scéal faoi thuras go dtí an Ghealach. Tháinig scéalta eile den chineál chéanna i gcló ar feadh na naoú haoise déag.

Jules Verne

De réir is mar a bhí teicneolaíochtaí nua ag teacht ar an bhfód - an leictreachas, an sreangscéal, an traein agus araile - thosaigh scríbhneoirí ag cur spéise sa tionchar a d'fhéadfadh na teicneolaíochtaí seo agus na haireagáin a thiocfadh ina ndiaidh a imirt ar an tsochaí. Mar sin, scríobh Jules Verne agus H.G.Wells na chéad saothair fhicsin eolaíochta ar chuir an saol mór spéis iontu.

Edwin Abbott Abbott agus Flatland

Cineál ficsin eolaíochta atá i gceist le Flatland le hEdwin Abbott Abbott ón mbliain 1884. Nóibhille, nó a romance of many dimensions mar a dúirt an t-údar féin, atá ann, agus í ag tabhairt suas ar an gcuairt a dtugann an liathróid ar dhomhan na bhfoirmeacha déthoiseacha, Flatland. Castar cearnóg ar an liathróid ansin, agus ansin, caithfidh an liathróid a mhíniú don chearnóg céard is airde ann.

Olaf Stapledon[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndeireadh na naoú haoise déag, bhítí ag tabhairt "rómánsaí eolaíocha" ar an bhficsean eolaíochta, téarma a mhair in úsáid in áiteanna san fhichiú haois féin. Sin é an t-ainm a bhí ag Olaf Stapledon ar a chuid saothar. Fealsamh Sasanach a bhí ann nach raibh eolach ar fhochultúr an fhicsin eolaíochta, nó scríobh sé a chuid saothar ficsin le hidéanna fealsúnacha a shoiléiriú. Bhí an-tionchar aige ar an bhficsean eolaíochta i ngan fhios dó féin. Saothair thábhachtacha leis is ea na húrscéalta Star Maker agus Last and First Men.

Ré Órga an tSeánra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hugo Gernsback

Go luath san fhichiú haois, bhí an-ról ag na hirisí garrfhicsin i bhforbairt na nua-ghlúine de scríbhneoirí ficsin eolaíochta sna Stáit Aontaithe. Bhunaigh Hugo Gernsback an chéad iris garrfhicsin i Meiriceá nach bhfoilseodh ach scéalta ficsin eolaíochta, mar atá, Amazing Stories, sa bhliain 1926. Sna 1930idí, chuaigh John W. Campbell Jr. i gceannas ar an iris úd Astounding Science Fiction (inniu: Analog Science Fiction and Fact), agus rinne sé príomhláthair foilsitheoireachta di do scríbhneoirí óga ficsin eolaíochta. Tháinig scoil iomlán scríbhneoirí ar an bhfód i Nua-Eabhrac agus iad ag scríobh don Astounding, agus glactar leo inniu mar chlasaicigh de chuid an tseánra: Isaac Asimov, Damon Knight, James Blish, agus Frederik Pohl, mar shampla. Scríbhneoirí tábhachtacha eile ón linn seo ab ea Arthur C. Clarke, Alfred Elton van Vogt, Robert Anson Heinlein agus an Polannach Stanisław Lem. Creidtear gur chuir Campbell tús le Ré Órga an fhicsin eolaíochta tríd an obair a rinne sé ag foilsiú saothair ó scríbhneoirí a linne.

Damon Knight

Go tipiciúil, bhí scríbhneoirí na tréimhse seo ag adhradh chumhacht na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus ag nochtadh léargais nua do na léitheoirí. Bhí an bhéim ar an dul chun cinn agus ar an todhchaí shoilseach, agus ní raibh mórán daoine ag déanamh a mharana go fóill ar dheachú an dul chun cinn seo, ar nós truailliú na timpeallachta, mar shampla.

I nDiaidh na Ré Órga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor tháinig athrú air seo ach de réir a chéile, go háirithe nuair a bunaíodh irisí nua. Sa bhliain 1950, chuir Horace Leonard Gold tús le stíl nua i bhficsean eolaíochta nuair a bhunaigh sé an Galaxy. Bhí sé den tuairim gur chóir tuilleadh béime a chur ar idéanna úra faoi thodhchaí na sochaí agus faoin tionchar a mbeadh ag an teicneolaíocht ar an tsochaí, seachas ar iontais na teicneolaíochta féin.

Frederik Pohl

Sa bhliain 1961, gortaíodh Gold i dtimpiste tráchta, agus tháinig Frederik Pohl i gcomharbas air mar eagarthóir. Bhí spéis mhór ag Pohl féin i dtodhchaí na sochaí in aois na hardteicneolaíochta, rud atá le haithint ar shaothair cosúil leis an úrscéal úd The Space Merchants a scríobh sé in éineacht le Cyril M. Kornbluth.

Teacht na Toinne Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1950idí, bhí tréithe an fhicsin eolaíochta le haithint ar chorrleabhar dár tháinig ó pheann scríbhneoirí an Beat generation, go háirithe William S. Burroughs. Sna 1960idí agus sna 1970idí, chuaigh scríbhneoirí ar nós Frank Herbert, Samuel R. Delany, Roger Zelazny, agus Harlan Ellison ar lorg téamaí nua.

William S. Burroughs

Ba é Dune le Frank Herbert an chéad mhór-úrscéal i stair an fhicsin eolaíochta a rinne plé cuimsitheach ar théamaí éiceolaíochta. Thairis sin, chardáil sé baint an reiligiúin leis an bpolaitíocht agus téamaí socheolaíocha eile san úrscéal seo agus sna cinn a scríobh sé ina dhiaidh sin faoi na carachtair chéanna.

Maidir le Samuel R. Delany, bhí ceisteanna teanga, miotaseolaíochta, cuimhne agus aireachtála tábhachtach ina chuid scríbhneoireachta, agus níos déanaí, tharraing sé chuige an chollaíocht freisin mar théama. Cuireadh ina leith, fiú, go raibh blas na pornagrafaíochta le mothú ar a shaothar dheireanach, rud nár shéan sé féin.

Scríbhneoir bisiúil a bhí i Roger Zelazny, agus é ag scríobh faoi dhéithe nó faoi dhaoine a fuair amach go raibh siad ag iompú ina ndéithe. Ina chuid scéalta, chuir sé an diagacht in aice leis an daonnacht agus mheasc sé an draíocht tríd an réadúlacht, agus é ag baint leasa as an teannas idir an dá rud.

Michael Moorcock, 2012

I ndeireadh na seascaidí, tháinig Tonn Nua an Fhicsin Eolaíochta ar an bhfód sa Bhreatain Mhór. Bhí tionchar láidir ag an Marxachas agus ag radacachas clé na linne ar an ngluaiseacht seo, agus iad ag lochtú fhicsean eolaíochta "frithghníomhach" na Ré Órga, go háirithe le taobhshúil ar dhearcadh coimeádach John W. Campbell ar chúrsaí polaitíochta.

Scríbhneoirí de chuid na Toinne Nua iad Michael Moorcock agus Brian Aldiss, mar shampla. Is gnách scríbhneoirí áirithe Meiriceánacha a aicmiú sa Tonn Nua freisin, Harlan Ellison mar shampla. Mar aisfhreagra ar an Tonn Nua, d'fhéach na scríbhneoirí coimeádacha le traidisiúin an tseánra a athbheochan, agus an t-eagarthóir Lester del Rey ar tús cadhnaíochta san iarracht seo.

Sna seachtóidí, chuir David Niven agus Poul Anderson sracadh nua san fhicsean crua-eolaíochta, is é sin, sa chineál ficsin eolaíochta a chuir béim ar an bhfíor-eolaíocht mar chuid den scéalaíocht. Is é an t-úrscéal úd Ringworld an ceann is tábhachtaí le Niven. San am chéanna, bhí Ursula Le Guin ag déanamh a marana féin ar cheisteanna socheolaíochta agus antraipeolaíochta.

Ursula Le Guin, 2005

Ursula Le Guin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áirítear Le Guin ar cheannródaithe an fhicsin "bog-eolaíochta". Bhí a hathair féin, Theodore Kroeber, ina antraipeolaí cháiliúil sna Stáit Aontaithe, agus is féidir a rá gurbh eisean a bhunaigh an disciplín go léir i saol acadúil na Stát. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil scríbhneoireacht a iníne ar maos le téamaí antraipeolaíochta. Tá an chuid is mó dá saothar suite i bhfráma na hÉacúiméine, cineál feidearálacht idir-réaltach.

San úrscéal The Left Hand of Darkness, tagann ambasadóir ón Éacúiméin go dtí Gethen, nó Pláinéad an Gheimhridh, le caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun idir an pláinéad seo agus an Éacúiméin, ach baineann an pláinéad geit mhór chultúrtha as, ós rud é go bhfuil muintir an phláinéid déghnéasach ó thaobh an choirp de - is é sin, is féidir le gach duine clann a choimpeart nó clann a iompar, agus is ábhar iontais agus uafáis dóibh duine a chaitheann iomlán a shaoil ina bhean nó ina fhear. An chuid is mó den am, áfach, fanann muintir Gethen saor ó chollaíocht, agus ní thagann fonn craicinn orthu ach le linn na dárach, nó kemmer, mar a thugtar uirthi i gceann de theangacha an phláinéid.

San úrscéal The Dispossessed, arís, tugtar cur síos ar shaol Shevek, agus cónaí air ar Anarres, gealach atá ag timpeallú Urras, pláinéad mór saibhir. Níor tugadh Anarres chun míntíreachais ach le déanaí, nuair a shealbhaigh seict Shóisialach, lucht leanúna Odo, í le caoinchead na náisiún ar Urras, nó bhí deifir orthu fáil réitithe de na radacaigh dhainséaracha. Anois, áfach, chuir muintir Urras suim thar cuimse i saothar eolaíoch Shevek, an fisiceoir is mó le rá ar Anarres, agus fuair sé cuireadh seal a chaitheamh i gceann d'ollscoileanna A-Io, an stát is saibhre ar Urras.

CibirPunc - William Gibson agus Cory Doctorow, 2010

Na hOchtóidí agus na Nóchaidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teacht an Phunc Cibirnitice[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna hochtóidí, tháinig an punc cibirnitice. Thréig an sruth seo an saoldearcadh dóchasach, an soirbhíochas ba dual don tseánra, agus ba é William Gibson an scríbhneoir a chuir tús leis i ndáiríre. Sruth diostóipeach é an punc cibirnitice agus é ag plé leis an meath a thagann ar an gcultúr agus ar an tsochaí faoi thionchar na teicneolaíochta. Mar sin, bíonn domhan an phunc cibirnitice ar maos le drugaí, coiriúlacht, agus fadhbanna dofhuascailte eile.

Neal Stephenson (Snow Crash, The Diamond Age, Cryptonomicon ...)

De réir is mar a bhí teicneolaíochtaí nua ag éirí coitianta, tháinig téamaí nua chun tosaigh san fhicsean eolaíochta, cosúil leis an Idirlíon agus an tionchar a bheadh aige ar an saol feasta; ceisteanna comhshaoil agus éiceolaíochta; an bhith-theicneolaíocht agus an nanaitheicneolaíocht. Rinne Neal Stephenson trácht cuimsitheach ar na téamaí seo ina úrscéal The Diamond Age.

Bláthú an Cheoldráma Spáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

C. J. Cherryh (1994)

Ón taobh eile de, tháinig bláth úr ar an gceoldráma spáis sna blianta i ndiaidh an Star Wars. D'éirigh go seoigh le C.J.Cherryh an fosheánra seo a athbheochan leis na húrscéalta a scríobh sé faoi theagmháil na gcultúr agus na sibhialtachtaí amuigh sa spás. Faoi thionchar an Réaltaistir, chuaigh an sraithscéal úd Babylon 5 ar an teilifís. Ba léir go raibh sé ag déanamh aithrise ar Deep Space Nine ar go leor bealaí, agus na himeachtaí lonnaithe ar stáisiún mór millteanach spáis ina raibh na ciníocha éagsúla ó cheithre chearn na hollchruinne ag teacht le chéile, ach is é an breithiúnas a tugadh ar an sraithscéal go fairsing go raibh sé ag plé na dtéamaí céanna ar dhóigh i bhfad níos aibí.

Lois McMaster Bujold (1996)

Sa litríocht, ba í Lois McMaster Bujold ab fhearr a bhain leas as foirmlí inste an cheoldráma spáis thraidisiúnta. Bhreac sí síos sraith fhada úrscéalta greannmhara faoi Miles Vorkosigan, stumpa beag fir a thagann chun saoil ar Barrayar, pláinéad cogúil míleata. Laoch neamhghnách é sa timpeallacht seo, agus caithfidh sé a bheith i muinín a dheisbhéalaí le teacht slán as na heachtraí a ngabhann sé tríothu sa bhaile is i gcéin. Is iomaí cineál pláinéad a fheiceann sé i rith na n-eachtraí: Jackson's Whole, agus na maifianna is na corparáidí móra gnó ina sheilbh; Beta Colony, pláinéad dúchais a mháthar, agus é sibhialta liobrálach; Cetaganda, sean-namhaid Barrayar, lena chuid biteicneolaíochta agus ionramhála géinití.

Vernor Vinge

An tSingilteacht Teicneolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coincheap tábhachtach i bhficsean eolaíochta na linne í an tsingilteacht teicneolaíochta freisin. Sa réaltfhisic, tagraíonn an focal mór sin "singilteacht" don tsingilteacht imtharraingthe, nó lárphointe an dúphoill a aomann gach rud isteach chuige. Ba é an scríbhneoir Vernor Vinge a thug isteach an téarma sin "singilteacht teicneolaíochta", cé go mbíonn ceisteanna cosúla á bplé i bhfoirm éigin le fada. Is é an tuiscint atá aige féin ar an scéal ná go dtiocfaidh an chéad mheaisín osdaonna - ríomhaire nó inchinn leictreach a sháraíonn intleacht an duine dhaonna - ar an bhfód i gceann tamaill bhig, agus go mbeidh sé ar an aireagán deireanach a rithfidh leis an duine, nó ón am sin i leith, beidh na meaisíní á bhforbairt agus á dtógáil as a stuaim féin, beag beann ar an daonnaí - beidh ré an duine thart ansin.

Nuálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arthur C. Clarke (1982)

Cé go ndearna an ficsean eolaíochta lochtú ar na teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus ar a dtionchar ar an tsochaí go minic, is féidir dó treoir a dhéanamh do na heolaithe agus do na hinnealtóirí agus cabhrú le forbairt na teicneolaíochta. Mar shampla, ba é an scríbhneoir Robert A. Heinlein a bhreac síos bunsmaoineamh na leapa uisce an chéad uair riamh i scéal ficsin eolaíochta a chum sé nuair a bhí sé ag éileamh le pianta droma in ospidéal. Is gnách dearcadh ar Arthur C. Clarke mar fhíor-chéadcheapadóir na satailíte teileachumarsáide.

Fo-sheánraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ficsean crua-eolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gregory Benford, 2008

Tugtar ficsean crua-eolaíochta ar an gcineál ficsin eolaíochta a chuireann béim ar leith ar chruinneas na heolaíochta agus na matamaitice. Cuid mhór de na scríbhneoirí a bhí ag plé leis an bhfo-sheánra seo, bhí siad ina n-eolaithe nó ina matamaiticeoirí oilte, iad féin. Tháinig an tuar faoina lán tairngreachtaí a rinne scríbhneoirí den chineál seo, ach is minic nár tháinig a gcuid smaointí isteach fíor, freisin. Réaltfhisiceoir é Gregory Benford, mar shampla, agus tá Geoffrey A. Landis ina innealtóir agus ina fhisiceoir. Matamaiticeoirí iad Vernor Vinge agus Rudy Rucker. Scríbhneoirí ficsin chrua-eolaíochta eile iad Hal Clement, Greg Bear, Larry Niven, Robert J. Sawyer, Stephen Baxter, Alastair Reynolds, Peter F. Hamilton, agus Greg Egan.

Ficsean bog-eolaíochta agus ficsean socheolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Galphunc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Punc cibirnitice[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taisteal san Am[cuir in eagar | athraigh foinse]

Malairt Staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ficsean eolaíochta den chineál mhíleata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osdaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Críocha Déanacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceoldráma Spáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]