Lois McMaster Bujold
Appearance
Scríbhneoir ficsin eolaíochta agus fantaisíochta í Lois McMaster Bujold. Rugadh ar an 2 Samhain 1949 i gColumbus, Ohio í.
Foilsíodh an chéad leabhar léi sa bhliain 1984 agus tá bunsaothar de bhreis is 20 úrscéal scríofa aici ó shin i leith. Cuireadh cuid de na saothair sin i gcló in athuair i bhfoirm cnuasleabhar.
Bhí sí ina ball de na Scribblies, cumann scríbhneoirí a bunaíodh i Minneapolis i dtús na bliana 1980. Sa chumann céanna, áirítear na scríbhneoirí gairmiúla Lillian Stewart Carl agus Patricia C. Wrede.
Is iad na scéalta ceoldráma spáis, faoi Miles Naismith Vorkosigan, is mó a thabhaigh clú do Bujold. Ach le blianta beaga tá carachtair nua á bhforbairt aici i réimsí na fantaisíochta chomh maith.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Miles Naismith Vorkosigan
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Warrior's Apprentice
- "Mountains of Mourning" (gearrscéal)
- The Vor Game
- Cetaganda
- Borders of Infinity
- Brothers in Arms
- Mirror Dance
- Memory
- Komarr
- A Civil Campaign
- Diplomatic Immunity
Leabhair bhainteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Shards of Honor (Cordelia Naismith, máthair Miles)
- Barrayar (Cordelia Naismith, máthair Miles)
- Falling Free
- Ethan of Athos
Chalion
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Curse of Chalion
- Paladin of Souls
- The Hallowed Hunt
The Sharing Knife
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Sharing Knife: Beguilement
- The Sharing Knife: Legacy
- The Sharing Knife: Passage
- The Sharing Knife: Horizon
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Lois McMaster Bujold.
- The Spirit Ring
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |