Punc cibirnitice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathar Cyberpunk

Seánra de chuid an fhicsin eolaíochta is ea punc cibirnitice, nó cyberpunk as Béarla. Fuair an seánra a ainm ón bpunc-rac (an cineál rac-cheol a bhí á sheinm ag Sex Pistols agus ceolghrúpaí a bhí cosúil leis an mbanna sin) agus ón gcibirnitic. Ba é an scríbhneoir Meiriceánach Bruce Bethke a cheap an focal féin, nó chum sé gearrscéal faoin teideal sin Cyberpunk sa bhliain 1984.

Cyberpunk 2077

Scéalta duairce is ea na scéalta a bhaineann leis an bpunc cibirnitice. Go tipiciúil, tugann siad cur síos ar shochaí atá ag titim as a chéile cé go bhfuil ardteicneolaíocht agus ríomhairí ar fud na háite. Bíonn na himeachtaí suite i dtimpeallacht chathartha, agus go tipiciúil, bíonn na gnólachtaí móra tar éis seilbh a ghlacadh ar an tsochaí go léir - is minic nach bhfuil a dhath fágtha den stát. Bíonn na daoine ag tógáil drugaí, agus na ríomhairí chomh fite fuaite leis an saol is nach mbíonn sé furasta an duine a aithint thar an líonra ríomhaireachta.

Is é an t-úrscéal úd Neuromancer le William Gibson ón mbliain 1984 a chuir tús leis an bpunc cibirnitice i ndáiríre. Is féidir a rá, áfach, go raibh tionchar nach beag ag an litríocht dhiostóipeach, cosúil le 1984 le George OrwellBrave New World le hAldous Huxley ar an seánra go léir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]