Jump to content

Tinte na Farraige Duibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Air Cuan Dubh Drilseach)
WD Bosca Sonraí LeabharTinte na Farraige Duibhe
(gd) Air Cuan Dubh Drilseach
(ga) Tinte na Farraige Duibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarTim Armstrong Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaGaeilge na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánAlbain, 2013
2020 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCLÀR
Tréith
Seánraficsean eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Uimhir OCLC849798578 Cuir in eagar ar Wikidata
Goodreads work: 25320360

Is úrscéal ficsean eolaíochta é Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong. Is é CLÀR a chéad-fhoilsigh é, i nGaeilge na hAlban faoin teideal Air Cuan Dubh Drilseach in 2013.[1] Ghnóthaigh an leabhar an gradam ‘Ciad Leabhar na Bliadhna’ d'Armstrong ó Chomann Bratach na Croise in 2013.[2][3] Luaitear é mar an chéad leabhar lánfhada cruafhicsean eolaíochta a scríobhadh sa teanga do dhaoine fásta.[4]

Cuimsíonn an scéal gnéithe den cheoldráma spáis, cibearphunc, rómánsaíocht, agus eachtraí bhanna ceoil an bhóthair. Labhraíonn na carachtar teanga na reacaireachta san úrscéal seo, rud a ligeann don údar domhan lán-Ghaelach a chruthú.[5] Ardsibhialtacht uathlathach agus sárchaipitlíoch an tsochaí a ndéantar léiriú uirthi ann.

D'aistrigh Eoin P. Ó Murchú an t-úrscéal go Gaeilge na hÉireann, agus d'fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Éireannach Leabhar Breac é sa bhliain 2020 faoin teideal Tinte na Farraige Duibhe. Ainmníodh an t-aistriúchán ar ghearrliosta aistriúchán Ghradam de Bhaldraithe ag duaiseanna liteartha an Oireachtais.

An tsraith ar lean

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chrom Armstrong ar chomharba Thinte na Farraige Duibhe a fhoilsiú mar shraith san iris liteartha STEALL.[6][7]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. MacIlleathain, Ruairidh (2013). "Lèirmheas: Air Cuan Dubh Drilseach". Cothrom 76: lgh 44–45.
  2. "Air Cuan Dubh Drilseach" (i nGaeilge na hAlban). CLÀR. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-20. Dáta rochtana: 2026-02-11.
  3. "Scotland's National Book Awards 2013" (as Béarla). The Saltire Society (2013-11-30). Dáta rochtana: 2026-02-11.
  4. Presenter: Mark Wringe. "Leugh an Leabhair".
  5. "We’re talking to Tim Armstrong, author of Air Cuan Dubh Drilseach". Arcfinity. ARC magazine.
  6. Thomasin Collins (2025-09-17). "Na Duaisean Litreachais 2025: An Luchd-buannachaidh" (as Béarla). Comhairle nan Leabhraichean. Dáta rochtana: 2026-02-11.
  7. Maitiú Ó Coimín (2025-09-11). "21 leabhar ar ghearrliosta Dhuaiseanna Litríochta na Gàidhlig in Albain". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-11.