Tinte na Farraige Duibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharTinte na Farraige Duibhe
Cineálleagan, eagrán, nó aistriúchán Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2020 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal ficsean eolaíochta le Tim Armstrong a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach a foilsíodh ar dtús sa bhliain 2013. Ba é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge na hAlban é agus ghnóthaigh an leabhar gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Cuimsíonn an scéal gnéithe den cheoldráma spáis, cibearphunc, rómánsaíocht, agus eachtraí bhanna ceoil an bhóthair.

D'aistrigh Eoin P. Ó Murchú an t-úrscéal go Gaeilge na hÉireann, agus d'fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Éireannach Leabhar Breac é sa bhliain 2020 faoin teideal Tinte na Farraige Duibhe. Ainmníodh an t-aistriúchán ar ghearrliosta aistriúchán Ghradam de Bhaldraithe ag duaiseanna liteartha an Oireachtais.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]