Jump to content

Tim Armstrong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTim Armstrong
Beathaisnéis
BreithNua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bowdoin
Sabhal Mòr Ostaig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, ceoltóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSabhal Mòr Ostaig, léachtóir sinsearach (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach

Is scríbhneoir ficsin Meiriceánach agus scoláire é Tim Armstrong a chónaíonn ar an Eilean Sgiathanach in Albain.

Is as Seattle do Tim Armstrong ó thús. Tá sé ag cur faoi in Albain ó bhí bliain an dá mhíle ann. Is i measc cheoltóirí punc Dhún Éideann a d'fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban i dtosach, agus é ina bhall den bhanna ceoil, Mill a h-Uile Rud. Bhí baint aige le roinnt bannaí ceoil punc in Brunswick, Maine go déanach sna hochtóidí; Officer Friendly ina measc.

Tháinig Mill a h-Uile Rud le chéile sa bhliain 2003.

Sabhal Mòr Ostaig

Sa bhliain 2005, bhog Armstrong go hAlbain le staidéar lánaimseartha a dhéanamh ar an tsochtheangeolaíocht. Thosaigh sé amach ina thaighdeoir bitheolaíochta, ach sa bhliain 2009, bronnadh PhD air sa tsochtheangeolaíocht, ó Ollscoil Obar Dheathain agus ó Shabhal Mòr Ostaig.

Tá sé ina léachtóir sinsearach agus ina thaighdeoir i Sabhal Mòr Ostaig faoi láthair.

Foilsíodh go leor saothar dá chuid le blianta anuas, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla araon; ar an micribhitheolaíocht, ar an gceol, sa teoiric shóisialta agus sa phleanáil teanga chomh maith leis an bhficsean. Bhí baint aige freisin le bannaí ceoil eile, Nad Aislingean, agus Na Gathan.

Tá sé ag obair faoi láthair ar a dhara húrscéal, An Luingeas Dorcha air Fàire.


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]