Jump to content

Punc-rac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilPunc-rac
Bunúsan Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Stairorigins of punk rock (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1975 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball depunc-cheol Cuir in eagar ar Wikidata

Seánra rac-cheoil is ea punc-rac, a tosaíodh sna 1970idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana. Bannaí móra ag an am ab ea The Ramones, The Clash, Sex Pistols agus The Damned. Rac-cheol simplí, salach agus tapaidh is ea é, agus bíonn teachtaireachtaí feargacha agus agóideacha sna liricí go minic.

Cé nach bhfuil punc i nGaeilge fós, bíonn bannaí mar Oi Polloi, Atomgevitter agus Mill a h-Uile Rud ag déanamh punc i nGaeilge na hAlban, agus mheasc cúpla bannaí ceol traidisiúnta na hÉireann agus punc-rac le chéile, mar shampla The Pogues, Flogging Molly agus Dropkick Murphys. Ta grúpaí Éireannacha eile a chasann punc-rac nó iar-phunc-rac as Béarla, ar nós Sprints.

Thosaigh punc-rac crua ag deireadh na seachtóidí le bannaí ar nós Black Flag, Dead Kennedys, agus Misfits. Tá punc-rac crua níos tapa agus níos glóraí ná punc-rac. Tá ceangal idir punc-rac crua agus lipéaid neamhspleácha ar nós Dischord Records, SST Records, agus Alternative Tentacles. Anois is arís, meascann ceoltóirí punc-rac crua le miotal trom. Tá grindcore agus metalcore mar thoradh. Chum Napalm Death grindcore.

Jello Biafra ó Dead Kennedys

Anois is arís, meascann ceoltóirí punc-rac le popcheol. Tá punc-rac pop mar thoradh. Is é an chéad banna punc-rac pop The Ramones. Meascann siad punc-rac le tionchar ó bhannaí cailíní ar nós The Ronettes agus araile. Is bannaí punc-rac pop luath eile iad The Buzzcocks agus The Undertones. D'éirigh punc-rac pop níos cáiliúla le linn na 1990idí, le bannaí ar nós Green Day, Blink-182, agus The Offspring.

Green Day i Veiniséala

Meascann ceoltóirí punc-rac le ceol tíre agus ceol tuaithe freisin. Tá punc-rac tíre agus cowpunk mar thoradh.

Tá tionchar ag punc-rac ar na seánraí iarphunc agus nuathonn.

Is fochultúr é punc-rac freisin.