Misfits

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióMisfits
Séanrascience fiction television program (en) Aistrigh, dráma teilifíse, geandrámaíocht agus clár teilifíse teacht in inmhe
Suíomh scéalaíochtaLondain
Socrú ceamarasocrú aoncheamara
CruthaitheoirHoward Overman
Aisteoirí
Tíran Ríocht Aontaithe
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseE4
Fad na n-eipeasóidí45 min
An chéad eipeasóid12 Samhain 2009
An eipeasóid dheireanach11 Nollaig 2013
Líon séasúr5
Líon eipeasóidí37
Liosta eipeasóidílist of Misfits episodes (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúile4.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt1548850 Allocine: 7684 Metacritic: tv/misfits TV.com: shows/misfits Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith theilifíse ficsean eolaíochta atá bunaithe i Sasana é Misfits. Baineann an seó le cúigear ciontóirí óga ar gearradh pionós seirbhíse pobail orthu. Bhí stoirm aisteach ar an chéad lá agus faigheann an grúpa cumhachtaí speisialta. Thosaigh an tsraith sa bhliain 2009 agus chríochnaigh sé sa bhliain 2013.

Sa chéad sraith, is iad Antonia Thomas, Iwan Rheon, Lauren Socha, Nathan Stewart-Jarrett, agus Robert Sheehan na haisteoorí sa seó, agus glacann siad na páirteanna Alisha Daniels, Simon Bellamy, Kelly Bailey, Curtis Donovan, agus Nathan Young faoi seach. Sa dara sraith, d’fhág Robert Sheehan an seó agus tháinig Joseph Gilgun ina áit mar Rudy Wade. Ag deireadh na tríú sraithe, d’fhág Rheon, Thomas agus Socha agus tháinig Karla Crome, Nathan McMullen agus Matt Stokoe ar an seó.

Leathbhealach tríd an ceathrú sraith, d’fhógair an léiritheoir go raibh Stewart-Jarrett ag fágáil, agus ba í Natasha O’Keeffe an t-aisteoir is déanaí le teacht ar an seó. Ar 19 Márta 2013, d’fhógair Channel 4 go mbeadh sraith a cúig ag tosú ar an 23 Deireadh Fómhair 2013. Bheadh ocht n-eipeasóid ar fad sa tsraith.

Mioneipeasóid agus scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Meán Fómhair 2011 scaoileadh an mioneipeasóid “Vegas Baby!”. Bhain an eipeasóid le Nathan a d'imigh chuig Las Vegas lena chumhacht nua.

Dúirt an léiritheoir, Howard Overman, gur scríobh sé an chéad dréacht den scannán agus go mbeidh sé scaoilte i 2014.

An áit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an seó suite i Londain in aice le Loch Southmere i Thamesmead agus tá a lán grianghrafanna tógtha den radharc ón díon de Coláiste Bexley. Ní raibh an teach tábhairne sa dara sraith suite ar Sráid Deisceart, Brunel, ach go raibh sé déanta le haghaidh an seó agus go raibh sé suite sa stiúideo.

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carachtar Aisteoir Sraith
Nathan Robert Sheehan 1-2
Kelly Lauren Socha 1-3
Alisha Antonia Thomas 1-3
Simon Iwan Rheon 1-3
Curtis Nathan Stewart-Jarrett 1-4
Seth Matthew McNulty 2-4
Rudy Joseph Gilgun 3-5
Jess Karla Crome 4-5
Finn Nathan McMullen 4-5
Alex Matt Stokoe 4-5
Abbey Natasha O'Keeffe 4-5
Nikki Ruth Negga 2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]