Robert Sheehan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Sheehan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Eanáir 1988
36 bliana d'aois
Port Laoise, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht
Gairmaisteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2003 –
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1588066 Allocine: 247461 Rottentomatoes: celebrity/robert_sheehan Allmovie: p628143 TCM: 11346478 Metacritic: person/robert-sheehan TV.com: people/robert-sheehan-1
Twitter: RobMSheehan Instagram: rozzymikes Discogs: 3005620 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach is ea Robert Michael Sheehan (Gaeilge: Roibeárd Mícheál Ó Siodhacháin) a rugadh ar 7 Eanáir 1988. Aithnítear é as páirteanna teilifíse mar Nathan Young in Misfits agus Darren in Love/Hate, agus chomh maith leis sin as a ról sa scannán Cherrybomb sa bhliain 2009. Bhí príomhpháirt sa scannán Killing Bono mar Ivan McCormick aige, in éineacht le Ben Barnes. Go déanach sa bhliain 2011 bhí páirt thábhachtach aige i léiriú John Crowley de The Playboy of the Western World le J. M. Synge san Old Vic Theatre i Londain. Ainmníodh Sheehan do ghradam IFTA trí huaire agus do ghradam BAFTA uair amháin. Roinn sé gradam BAFTA leis na baill eile d’fhoireann Misfits. Sa bhliain 2013 ghlac sé le páirt Simon Lewis sa leagan scannáin den leabhar City of Bones.

A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sheehan i bPort Laoise, i gContae Laoise, do Maria agus Joe Sheehan. Garda síochána a athair. Robert an duine is óige de thriúr páistí. Ghlac sé Paul mar ainm cóineartaithe nuair a chuaigh sé faoi lámh an easpaig. Ar scoil dó i St. Paul's sheinn sé an bainseó, an bodhrán, agus na spúnóga, agus ghlac sé páirt i bhfleánna ceoil. D'imir sé an phríomhpháirt i ndráma scoile bunaithe ar an úrscéal Oliver Twist. Spreag sin a shuim san aisteoireacht. A mháthair a thug go triail aisteora é agus é in aois a 14 bliana don scannán Song For a Raggy Boy. Roghnaíodh é don pháirt, agus chaith sé roinnt seachtainí i gCorcaigh Thiar mar a raibh an scannánú ar siúl.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]