Ceol traidisiúnta na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fógra do féile sean-nós ón bhliain 2011.

Tá an ceol traidisiúnta lárnach do chultúr na hÉireann. In sna pubanna is mó a thionóltar na séisiúin ceoil agus de ghnáth cuirtear fáilte roimh gach aon cheoltóir.

Ceol rince, den chuid is mó, is ea ceol traidisiúnta na hÉireann ach sa lá atá inniu ann is minic a sheinntear é don lucht éisteachta amháin - gan rinceoirí ar bith. Tá cineáil éagsúla foinn le cloisteáil ach is fearr le ceoltóirí ríleanna agus poirt a sheinm. Is fearr ar féidir leo a gcumas a thaispeáint agus iad ag triall ar na túin siúd.

Modhanna[athraigh | edit source]

Níl aon nótaí ceoil le feiceáil os comhair ceoltóirí traidisiúnta mar tá gach aon tiúin ar aithris acu. Ní raibh na ceoltóirí in ann nótaí a léamh san am atá caite agus bíonn lucht an lae inniu beag beann orthu freisin. Is iad an fhidil, an cairdín, an fheadóg agus an bainseó na uirlisí ceoil is minice a bhíonn idir láimhe acu.

Ceoltóirí agus Grúpaí[athraigh | edit source]

Bhí clú agus cáil bainte amach ar feadh na blianta ag The Chieftains, grúpa a chloíann leis an bhfíor traidisiún ach atá ag éirí aosta anois.

Tá ceoltóirí nua-aimseartha cosúil leis an sár-amhránaí, Liam Ó Maonlaí, ag taiscéal a gceird agus go nádúrtha tá tionchar mór orthu ón popcheoil agus ceol tíre ó thíortha eile. Grúpaí eile mór le rá is ea Clannad, Dervish agus Kíla. Ceoltóirí eile clúiteacha is iad Máire Brennan agus Altan.

Féach freisin[athraigh | edit source]