Liam Ó Maonlaí
(2007) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 Samhain 1964 61 bliana d'aois Baile na Manach, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Eoin |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ceoltóir, amhránaí, cumadóir amhrán |
| Tréimhse oibre | 1985 – |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Siblín | Colm Ó Maonlaí |
| Suíomh gréasáin | liamomaonlai.ie |
Is amhránaí, ceoltóir, péintéir, scríbhneoir liricí agus aisteoir é Liam Ó Maonlaí. Saolaíodh Liam Ó Maonlaí ar an 7 Samhain 1964 i mBaile Átha Cliath, Éire.
Tá sé mar bhall den bhanna ceoil na Hothouse Flowers, grúpa a bhunaigh sé lena chomhscoláire Fiachra Ó Braonáin. D’fhreastail sé Scoil Lorcáin agus Coláiste Eoin, scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
D'eisigh Ó Maonlaí a chéad albam aonair, dar teideal ‘Rian’, sa bhliain 2006. Rian Records a d'eisigh agus tá na hamhráin go léir as Gaeilge.
Chan Ó Maonlaí an t-amhrán ‘Cathain’ le tionlacan ceoil ó Dónal Lunny agus tá sé ar fáil ar an albam ‘The Best of Dónal Lunny.’ Scríobh an t-amhránaí Rónán Ó Snodaigh na liricí le haghaidh ‘Cathain.’
Is cainteoir Gaeilge agus Béarla é.
Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rian
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Avanyu Intro
- Ár nAthair
- Sadbh Ní Bhruinnealadh
- An Buachaill Bán
- Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte
- The Old Bush
- Iníon an Fhaoit ón nGleann
- Seoladh na nGamhna
- Na Connerys
- Reels
- Ag Críost an Síol
- Tom Billy's Jig
- Avanyu Intro (Reprise)
- The Rainy Day
Creidiúna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caroline Dale (Dordveidhlín), Liam Ó Maonlaí (Druma), Liam Ó Maonlaí (Méarchlár), Liam Ó Maonlaí (Amhránaí), Liam Ó Maonlaí (Feadóg Stáin), Liam Ó Maonlaí (Léiritheoir), Liam Ó Maonlaí (Obair Ealaíne).
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Ó Maonlaí i mbun comhoibrithe le hAmano agus Kalabanx agus iad ag cruthú a nEP THREAD, a eisíodh in 2024.[1] Tá sé le cloisteáil ar na rianta leighis agus HEART.
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rudaí fánacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chan sé an t-amhrán The Parting Glass le haghaidh fuaimrian an scannán Waking Ned (1998).
Is deartháir é leis an aisteoir Colm Ó Maonlaí agus is mac é leis an aisteoir Eithne Lydon.
Naisc sheachtracha - ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liam O Maonlaí le Micheál O Suilleabháin, srl - Sult (Dances), ar RTE
- Sí do mhamo í - Sult (Dances), ar RTE
- Sadhbh Ní Bhruinneallaigh ar an BBC
- Seoladh na nGamhna, Pure Drop, RTE (1991)