An Fhleadh Cheoil
Is cineál féile ceoil an Fhleadh Cheoil (Fleá Cheoil uaireanta ). Ritheann Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) féilte éagsúla bliantúla de cheol, damhsa, amhránaíocht traidisiúnta agus Gaeilge ar a dtugtar ‘’’an Fleadh Cheoil’’’ - “Féile (nó féasta) ceoil”. Clúdaíonn an Fleadh féilte a tharlaíonn ag leibhéil áitiúla, cúigeacha agus uile-Éireann.
Eagar na gComórtas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn iomaitheoirí de gach aois i láthair ag an bhFleadh ó gach cearn den domhan. Eagraítear na comórtais i gceithre cinn d’aoisghrúpaí (faoi 12, 12-15, 15-18 agus Sinsearach) agus áirítear orthu formhór na n-uirlisí traidisiúnta (an fidil, an fhliúit, an phíb uillinn, an bainseó, an bosca ceoil, srl.). Bíonn comórtais amhránaíochta ann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, agus comórtais do ghrúpaí ceoil ( bannaí píbe agus céilí, díséid agus tríréid, etc.) Bíonn ar iomaitheoirí ó réigiúin a mbíonn babhtaí cáiliúcháin acu cáiliú ag leibhéal réigiúnach sula sroicheann siad an babhta uile Éireann. In Éirinn, mar shampla, caithfidh ceoltóirí bua a fháil i bhFleadh an Chontae agus i bhFleadh an chúige chun dul ar aghaidh chuig an babhta deireadh ag an bhFleadh Uile-Éireann. Seinneann na hiomaitheoirí os comhair moltóir nó moltóirí i ngach babhta. Sár-cheoltóirí agus saineolaithe sa cheol traidisiúnta atá sna moltóirí. Glacann na moltóirí nótaí cúramacha i dtaobh gach iomaitheora a chuirtear ar fáil dó nó di i ndiaidh an bhabhta. Bíonn an seomra lán go béal le cairde, teaghlach agus lucht tacaíochta. Fógraíonn an moltóir na torthaí ag deireadh an chomórtais agus is minic a thugann siad leid nó dhó i dtaobh an rud a bhí á lorg acu ón iomaitheoir.
Sceideal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fógraítear an t-ionad don bhFleadh Uile-Éireann bliantúil i Meán Fómhair na bliana roimhe. Meallann an Fhleadh na mílte de lucht ceoil gach bliain. Dar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann “Is deacair fuinneamh na hócáide seo a chur i bhfocail; níor mhór duit a bheith i láthair go bhfeicfeá seisiúin cheoil faoi lánseoil i ngach pub agus óstán agus fiú ar chúinní sráide!”.[1] Glacann suas le 12,000 ceoltóir agus oirfideach páirt sa bhFleadh agus bíonn tuairim is 200,000 de lucht éisteachta ann. Bíonn an-tóir ar dhuaiseanna na Fleadh ach thairis sin is cineál fuinneog í an Fhleadh a thaispeánann cultúr na hÉireann don domhan mór.
Blianta[cuir in eagar | athraigh foinse]
2011[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann 2011 ceiliúrtha sa Chabhán, ar feadh Lúnasa 2011. Tá na buaicpóintí fós le feiceáil ar RTÉ.
2012[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán, ar siúl ón 14 go dtí an 22 Lúnasa 2012.[2] 'Cabhán na nIontas' mar a deirtear i gcontae an Chabháin.
Is é 2012 "Bliain na Gaeilge an Chomhaltais". Mar sin, tá Seachtain na Gaeilge, le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar siúl ag an am céanna.[3] Is cuid dhílis den Fhleadh Cheoil an clár imeachtaí Gaeilge seo anois trína spreagtar daoine de gach aoisghrúpa chun nithe a dhéanamh trí Ghaeilge. I measc na n-imeachtaí tá scéalta Gaeilge do leanaí, tráth na gceist boird, ranganna ceol rap trí Ghaeilge, léachtaí, turas oidhreachta agus staire agus céilí mór nach ceart a chailleadh.
"Is breá linn urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag an bhFleadh Cheoil arís i mbliana," a dúirt Éamonn Ó hArgáin. "Is é atá i gceist le Seachtain na Gaeilge taitneamh a bhaint as an gcuid is fearr den ealaín trí Ghaeilge agus tá na himeachtaí ar fad fite fuaite leis an réimse ilghnéitheach imeachtaí cultúir a bhíonn ar fáil ag an bhFleadh."[4]
2013[cuir in eagar | athraigh foinse]
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire Cholm Chille. Is é an chéad uair Fleadh Cheoil na hÉireann suite i dTuaisceart Éireann. Cuirfidh an ceiliúradh ar Éireannachas Dhoire, mar is ‘UK City of Culture’ Doire sa bhliain 2013[5] chomh maith le mórchathair cultúrtha de chuid na hÉireann.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Bolscaireacht de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann
- ↑ Preas Ráiteas
- ↑ "Saol Meán Fómhair 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-22. Dáta rochtana: 2012-01-17.
- ↑ "Saol Meán Fómhair 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-22. Dáta rochtana: 2012-01-17.
- ↑ Nuacht 24, 27 Feabhra 2012[nasc briste go buan]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Na rialacha - Comhaltas Ceoltóirí Éireann
- Sceideal - Imeachtaí
- An Fleadh 2011 ar RTE