Jump to content

Píoba uilleann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilPíoba uilleann
Cineálpíb mhála
Aicmiú Hornbostel-Sachs422.122.2+422.221.1
Ó dhúchasÉire
Físeán: "Down the Back Lane" le David Lim[1]
Tiarnán Ó Duinnchinn i mbun ceoil[2]
Nicholas Burke (1838-1919) in 1912
William Rowsome
Séamus Ennis, 1950idí

Is uirlis cheoil thraidisiúnta Éireannach í an phíb uilleann, nó píoba uilleann.[3] Is éard atá sa tsraith iomlán de na píob uilleann ná mála, boilg, seamsúr, trí dhordán agus trí rialtóir.

Liam O'Floinn, 1980

Tá an phíb uilleann an-tábhachtach sa cheol Gaelach agus tá fuaim ar leith ag baint léi nach bhfaightear i gcineálacha eile ceoil. Is cuid ríthábhachtach de sheancheol na hÉireann í an phíb uilleann. I gcultúr na nGael, tugann sí léiriú ar dhícheall agus cumhacht a chuireann cheoltóir in iúl trí na foinn chéanna a sheinm ag céilithe na seancheoltóirí.[4] Tá cúig chuid sa phíb uilleann: an bolg a sholáthraíonn an t-aer, an mála a rialaíonn an t-aer, an seamsúr a déanann an ceol, an dordán a chruthaíonn dord rialta agus an rialtán a chruthaíonn cúlrian rialta. Is é an chuid is tábhachtaí an fheag a scagann an fhuaim ón seamsúr.[4]

Ciallaíonn an téarma “píb uilleann” an phíb lena n-úsáidtear dhá uilleann, dhá lámh agus méara uile an cheoltóra chun an t-aer a théann isteach sa phíb a rialú. Rialaíonn an dá uilleann an bolg agus an mála. Rialaíonn an dá lámh an dordán agus an rialtán, chomh maith leis an seamsúr agus cruthaíonn na méaracha an ceol féin.

Tá an-chuid oiliúna de dhíth ar an gceoltóir le cumas seinnte na píbe a insealbhú. Tógann sé dua agus deacracht lena seinm, agus deirtear go dtógann sé seacht mbliana í a fhoghlaim, seacht mbliana eile í a chleachtadh agus seacht mbliana sa bhreis í a mháistriú.[4]

Síneann stair na píobaireachta in Éirinn thar thréimhse 13 céad ar a laghad. Bíonn tagairtí ann sna hannála ársa Éireannacha ar an gcuisleannach nó séidire phíoba. Ní féidir bheith cinnte cathain go díreach a chéad tosaíodh ar na píoba a sheinm in Éirinn, ach is dócha go raibh siad i bhfoirm áirithe cosúil le píoba móra Albanacha an lae inniu.[4]

Dhíorthaigh na píoba uilleann as an bhfoirm níos sine seo agus tá siad, gan aon amhras, níos sofaisticiúla agus níos casta ná aon sórt eile ar an domhan. Creidtear gur tháinig foirm reatha na bpíob chun tosaigh ag tús an 18ú haois.

Tá eagraíocht ar leith darb ainm na Píobairí Uilleann ar an saol ón mbliain 1968 agus iad lonnaithe i seanteach Seoirseach ar 15 Sráid Henrietta i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Sula raibh ann don eagraíocht seo, bhí ceard na píobaireachta uilleann i mbaol a bháis, ach ó shin tá fás agus borradh faoin bpíobaireacht uilleann anois.

Tá an phíb uilleann difriúil ó phíoba traidisiúnta eile, mar shampla píb mhór na hAlban, mar iontu siúd tá comhla agus fíochán cónúil a chuirtear ar an taobh faoin uilleann, chomh maith leis an gcóras atá bunaithe ar an bpróiseas ualaí chun an ngníomh a rialú. Tá píb eile ann, píb na hÍsealchríche, ó Ghalltacht na hAlban, atá cosúil leis an bpíb uilleann, ach níl sí chomh forbartha agus níl rialtán acu.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cool Fun Stuff (2016-11-02). "Físeán: "Down the Back Lane" le David Lim". 
  2. tiarnan.ie. "Online Store" (en). Online Store. Dáta rochtana: 2025-04-15.
  3. i mBéarla, uilleann pipes, union pipes nó Irish pipes
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Cathal Ó Murchú (2025-04-11). "An phíb uilleann" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-15.