Droichead Átha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Droichead Átha
Crest
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Louth Magnified.png
Daonra (2016)
- Baile:
42,347 
Airde: 1 m
Contae: Contae Lú
Cúige: Laighin

Is baile i gContae Lú é Droichead Átha atá suite ar chósta thoir na Éireann, 56km ó thuaidh ón bpríomhchathair Baile Átha Cliath.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1649, chuir Oilibhéar Cromail baile Dhroichead Átha faoi léigear. Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh.

Ar an 11 Meán Fómhair 1649, gabhadh an bhaile faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra i ndiaidh ocht lá.

Rinne na parlaiminteoirí sléacht iomlán, sléacht gan trua gan taise ar a naimhde. Is cosúil go raibh timpeall 2,700 saighdiúir Ríogaí ann ar dtús.[1] Mharaigh na parlaiminteoirí b'fhéidir cúpla céad duine ... nó fiú suas le 3,500 duine, níl a fhios againn, ach dúirt Cromail féir gur tharla sléacht as éadan.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). The Civil Wars, Oxford 1998, lch 98.