Ceol na nOileán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ceol na nOileán
Ceol na nOileán www.TG4.ie.jpg
Seánra Fáisnéis
Fad na n-eipeasóidí 25 nóiméad
Foireann Máirín Seoighe srl
Teanga Gaeilge
Tír Éire
Craoltóir TG4
Céad rith 2009 – 2011
Méid eipeasóidí 10

Sraith TG4 ó 2009 agus 2011 a thugann léargas ar chultúr ceoil agus siamsaíochta ó oileáin éagsúla fad cósta na hÉireann, an chaoi ar fhorbair an traidisiún sin i rith na mblianta agus an staid ina bhfuil sé inniu. Tá an tírdhreach sonrach a bhaineann le gach oileán mar eilimint ghníomhach i ngach clár agus taispeánadh íomhánna tarraingteacha ó thimpeallacht an oileáin le cur le mothúcháin an phíosa ceoil nó an amhráin atá faoi chaibidil. Mar aon leis an gceol, tá radhairc iontacha ó thírdhreach na n-oileán féin.

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ceol na nOileán léirithe le Scannáin Dobharchú[1], agus Máirín Seoighe.

Sraith 1 (craoladh don chéad uair i 2009)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inis Meán

Clár 1.1[2] - Oileáin Árann‎, 20 Meán Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na rannpháirtithe bhí Clann Uí Mhaoilchiaráin, Micheál Ó hAlmhain, Deirdre Ní Chonghaile, Lasairfhíona Ní Chonghaile, Micheál Ó hAlmhain agus Treasa Ní Mhiolláin. ‘’An úsáid a bhainfí as an gceol ná bheith ag rince leis. Ní raibh aon mhaitheas an ceol a chur amú gan bheith ag damhsa leis,’’ a dúirt Micheál Ó hAlmhain ag cur síos ar cheol Arainn.

Clár 1.2[3] - An Blascaod Mór, 27 Meán Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc daoine áitiúil a bhí páirteach sa gclár seo, bhí an Dr. Ríonach Uí Ógáin, Feargal Mac Amhlaoibh, Maidhc Dainín Ó Sé, Áine Uí Laoithe, Eilín Ní Chearna agus Aoife Granville. ‘’Bhí ceol mar chuid de shaol an oileáin. Bhí sé mar a bheith ag ithe, mar a bheith ag dul a chodladh.’’ Sin mar a chuireann Feargal Mac Amhlaoibh síos ar thábhacht an cheoil sa Bhlascaod.

Clár 1.3[4] - Toraigh, 4 Deireadh Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirteach sa gclár bhí Lillis Ó Laoire, Pól Mac Ruairí, Treasa Nic Laifeartaigh, Noel Ó Dúgáin, Peatsaí Dan Mac Ruairí agus damhsóirí agus ceoltóirí óga an oileáin. Dúirt Pól Mac Ruairí, is é ag cur síos ar na buntáistí a bhain le bheith id’ cheoltóir i dToraigh, ‘’Cuirim I gcás dá mbeadh gála mór ag teacht aniar, nuair a bheifeá ag seinm ceoil istigh sa teach ní chloisfeá gaoth mhór ar bith ‘’.

Clár 1.4[5] - Acaill, 11 Deireadh Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirteach sa gclár bhí Seán Mac Conmara, Conal Mac Conmara, Cáit Nic Suibhne, Cleamairí an Chorráin, Donncha Óg Ó Gallchobhair, Des Mc Cafferky agus Banna Píb an Cheoil. Dúirt an píobaire Conal Mac Conmara is é ag cur síos ar sheinnt le banna píb in Acaill ‘’Faigheann tú ‘serious goosebumps’ agus tú ag siúl isteach sa séipéal Lá Fhéile Pádraig nuair atá do bhanna ag dul go maith’’.

Clár 1.5 - Inis Bó Finne, 18 Deireadh Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag ghlacadh páirt sa gclár bhí Sharon Shannon, Mary Staunton, Dessie agus Vincent O Halloran, Reg Hall, Banna Céilí Inis Bó Finne, Geraldine, Peadar agus Liam King. Dúirt Mary Staunton ‘’Tá an ceol an-ionraic cosúil leis na daoine iad féin agus téann sé I bhfeidhm ormsa agus ar cheoltóirí eile a théann go dtí an t-oileán.’’

Clár 1.6[6] - Ceantar na nOileán, 25 Deireadh Fómhair, 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirteach sa gclár bhí Nan Tom Taimín, Meaití Jo Shéamuis, Máirtín Tom Shéainín, Johnny agus Cóil Connolly, Máire Áine Ní Iarnáin, Seán Óg Ó Flaitheartha, Fionn Ó Céide agus Micheál Seoighe. Dúirt Meaití Jo Shéamuis ‘’Deirtear go mbíonn na hoileánaigh iontach maith ar rithim. Níl aon teoiric agamsa air sin ach go bhfuil siad faoi thionchar rithim na farraige agus ceol na n-éan atá le fáil go binn ar oileáin.’’

Sraith 2 (craoladh den chéad uair i 2011)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clár 2.1 - Ceol na nOileán[7], Reachlainn, 25 Meán Fómhair, 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiosradh Sorcha Nic Lochlainn agus Gusty Mc Curdy oidhreacht cheoil an oileáin agus tionchar na hAlban air. Ghlac teaghlach cáiliúil Black (cúpla glúin de, ina measc Mary, Frances agus Michael), mar aon le hamhránaithe áitiúla Teresa Mc Faul agus John Mc Curdy páirt sa gclár seo.

Clár 2.2 - Ceol na nOileán[8], Árainn Mhór, 2 Deireadh Fómhair, 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag ghlacadh páirt sa gclár bhí Jesse Smith agus Fiona Nic Gloinn, na hamhránaithe Anna Ní Ghallchóir agus Aoife Nic Gloinn, Banna Píb Árainn Mhór, oidhreacht amhránaíochta Róise Rua agus tionchar na himirce agus tubaistí farraige ar cheol an oileáin.

Clár 2.3 - Ceol na nOileán[9], Cliara agus Inis Toirc, 9 Deireadh Fómhair, 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na boscadóirí Billy Gallagher agus Micheal Mc Namara, muintir Thuathail as Inis Toirc, Myles Ruddy, Patrick O' Toole and Anne O' Toole agus an t-amhránaí óg, Neil Mc Cabe. Chas Caitlín Ní Chualáin an t-amhrán “Máire Inis Toirc”

Clár 2.4 - Ceol na nOileán[10], Cléire, 16 Deireadh Fómhair, 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tógáil páirt, Tadhg agus Emer Ó Drisceoil, Máire Ní Laoire, Máire Proinsias Ní Choitir, Fiachra agus Róisín Ó Tórna, grúpa Mhary Tisdall Group. Gearóidín Ní Dhonnabháin. Labhradh an t-amhránaí Máire Ní Laoire ar thábhacht an cheoil ar an oileán agus í ina cailín óg.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]