Darach Ó Catháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1922 An Máimín, Éire |
Bás | 1987 64/65 bliana d'aois Leeds, England |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Bhain Darach Ó Catháin (30 Meán Fómhair 1922 - 29 Meán Fómhair 1987) cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin de bharr a chuid amhránaíochta ar an sean-nós.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Darach Ó Catháin, nó Dudley Kane mar a thugtar air sa taifead breithe Béarla, sa Mháimín, Leitir Móir, Conamara, sa bhliain 1922 agus bhog an teaghlach go Rath Chairn sa bhliain 1935.[2]
D'aistrigh sé féin agus a mhuintir go Ráth Chairn na Mí sa bhliain 1935. Bhog an Cathánach agus a bhean Bríd go Leeds, Yorkshire i 1963 agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol ansiúd ag obair do thógálaithe.[3]
Cailleadh an Cathánach sa bhliain 1987.
Amhránaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roghnaigh Seán Ó Riada é mar amhránaí sa cheirnín Reacaireacht an Riadaigh (CEF 010, anois Pléaráca an Riadaigh[4]) agus chum Darach caoineadh air. Ó na 1960idí amach bhí sé ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis.
D'éirigh thar barr leis an albam Traditional Irish Unaccompanied Singing sa bhliain 1975.
I measc na n-amhrán atá le fáil ar a dhlúthdhiosca 'Darach Ó Catháin' tá 'Amhrán na Japs', leagan damanta de 'Oró Sé do Bheatha 'Bhaile[5] agus 'Caisleán Uí Néill'. Tá an dlúthdhiosca sin ar fáil ó Gael Linn.
Bhuaigh iníon le mac deirféar leis Corn Dharach Uí Chadhain ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2008.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Dudley Kane: Darach Ó Cathain is here in Leeds" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-05-02.
- ↑ "Ó CATHÁIN, Darach (1922–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-05-02.
- ↑ TG4 (2010-07-19). "Darach Ó Catháin - Cérbh É? Singer Iarla Ó Lionaird travels in his footsteps".
- ↑ "plearaca-an-riadaigh" (en-GB). Peadar Ó Riada (2017-05-22). Dáta rochtana: 2020-05-02.
- ↑ Darach Ó Catháin - Óró 'sé do bheatha 'bhaile, 1980, ar RTE
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |