Oró Sé do Bheatha 'Bhaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóOró Sé do Bheatha 'Bhaile
CineálAmhrán reibiliúnach na hÉireann
saothar ceoil
Teangaan Ghaeilge
Musicbrainz: b5b2be17-6eb7-3d13-a9f1-701890c7606a Cuir in eagar ar Wikidata

Amhrán Éireannach is ea Oró, 'Sé do Bheatha 'Bhaile. Tá cáil air mar amhrán reibiliúnach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an t-amhrán ó am an dara éirí amach Seacaibíteach. Ba é 'Bonnie Prince Charles' an Séarlas Óg san amhrán

Scríobh Pádraig Mac Piarais véarsaí breise don amhrán.

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bun-leagan[1][cuir in eagar | athraigh foinse]

Curfá:

Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

A Shéarlais Óig, a mhic Rí Shéamais
'Sé mo mhór-chreach do thriall as Éirinn
Gan tuinnte bróig' ort, stoca nó leinidh
Ach do chascairt leis na Gallaibh

Curfá

'Sé mo léan géar nach bhfeicim
Mur mbéinn beo 'na dhiaidh ach seachtain
Séarlas Óg is míle gaiscidheach
A' fógairt fáin ar Ghallaibh

Curfá

Tá Séarlas Óg a' traill ar sáile
Béidh siad leisean, Francaigh 's Spáinnigh
Óglaigh armtha leis mar gharda
'S bainfidh siad rinnce as éiricigh!

Curfá

leagan Pádraig Mac Piarais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Curfá:
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.

Curfá

Tá Gráinne Mhaol ag go duill ar sáile,
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Curfá

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Curfá agus deireadh

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]