Jump to content

Sean-nós (amhránaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sean-nós)

Traidisiún amhránaíochta is ea an sean-nós. Is ar stíl amhránaíochta a thugtar ‘an sean-nós’ go hiondúil – ar fhonnadóireacht na hÉireann trí chéile, idir Ghaeilge agus Bhéarla ach go háirithe ceol a ndéantar ornáidíocht air. Is stíl amhránaíochta é a chloistear go minic i gConamara sna laethanta seo, ach tá traidisiún láidir in áiteanna eile chomh maith. [1]

Fógra do féile "sean-nós" ón bhliain 2011

Amhránaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Corn Uí Riada an comórtas is airde caighdeain ins an amhránaíocht sean-nós. Bíonn ar na hiomaitheoirí amhrán mall amháin a chasadh agus amhrán sciopaidh freisin.

Is téarma é ‘sean-nós’ a tháinig chun cinn le linn athbheochaint na Gaeilge le bunadh Oireachtas na Gaeilge, nuair a cuireadh tús le comórtais amhránaíochta mar chuid den fhéile[2]. Bhí lucht an Oireachtais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an amhránaíocht dhúchasach (an ‘sean-nós’) agus an cineál amhránaíocht a gcloisfí thart timpeall ar an bpianó i seomraí suite na meán-aicme (an ‘nós nua,’ cheapfá) ag an tráth sin.[3]

Inniu tá an téarma ‘sean-nós’ á úsáid go forleathan, ach ní léir go bhfuil mórán ar bith céille leis.

Tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an sean-nós. Rinneadh roinnt clár faoi (ar TG4 ar Raidió na Gaeltachta) agus e ag casadh amhráin ar an sean nós.

Is é tuairim amhránaithe áirithe nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith.[4]

Is ealaín ar leith í amhránaíocht sean-nós. Mar sin, ceapann daoine áirithe nach féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige nó aici, ach níor chuir sin stop le ranganna áirithe.[5]

  1. Mar shampla, tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an “sean-nós”. Rinneadh roinnt clár faoi (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus é ag casadh amhráin i stíl na Mumhan. Féach anseo, mar shampla clár TG4 ó 2011) ]]
  2. An Amhránaíocht Dhúchasach in Iarthar na hÉireann, Cartlanna Joe Éinniú[nasc briste go buan]
  3. "Máire Ní Choilm ag cur síos ar amhránaíocht ar an sean-nós.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-06. Dáta rochtana: 2012-01-14.
  4. Mar shampla, Sorcha Ní Ghuairim. Cuireadh siompóisiam i láthair ag an tOireachtas 1943 ina ndearnadh plé ar an gceist seo; féach Róisín Nic Dhonncha, ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin,’ i Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil (eag.), Bliainiris 2004, 57-71.
  5. Mar shampla Scoil Cheoil an Earraigh

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]