Sorcha Ní Ghuairim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhránaí agus scoláire léinn Éireannach ab ea Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976). Rugadh í ar an 10 Deireadh Fómhair 1911 i Roisín na Mainiach, Carna, Contae na Gaillimhe, Éire. Chuaigh sí ag Scoil an Chlochair ar an mbaile sin agus bhíodh sí ina ball de chór na scoile. Bhain Sorcha clú agus cáil amach lena fonn breá cinn, ach is ar son chur chun cinn na Gaeilge is mó a thug sí dua.

Ba léachtóir le labhairt na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í Sorcha. Bhí sí ina colúnaí do Scéala Éireann faoin ainm cleite "An Coisín Siúlach" agus ceapadh mar eagarthóir Gaeilge í. Scríobhadh sí leathanach na bpáistí faoin ainm "Niamh Chinn Óir". Bhí 'Sgéal Taimín Mhic Luiche' i measc na scéalta seo.

Is í a chur an chéad cheirnín sean-nóis amach a taifeadadh i Meiriceá i 1945. Tá sé amhrán ar an gceirnín seo - "Brighid Ní Ghaoradh", "Máire Ní Mhaoil Eoin", "hÓbha-Inn", "D-tigeas ó Deabhasa", "Seacht nDólás na Maighdine" agus "An Draighneán Donn" - i dteannta scéal ón mbéaloideas, "An Ceannaidhe Fíreannach agus an Ceannaidhe Breagach". D'ath-eisigh Cló-Iar Chonnachta an t-albam seo i riocht caiséid.

Cailleadh Sorcha ina hárasáin ar Shráid Monck, i bPimlico, Londain.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]