Cló Iar-Chonnacht
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | foilsitheoir |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1985 |
| Bunaitheoir(í) | Micheál Ó Conghaile |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | Publishing Ireland (en) |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | cic.ie |

Bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC)[1] sa bhliain 1985. An scríbhneoir Micheál Ó Conghaile as Inis Treabhair i gConamara a bhunaigh é.
Foilsíonn CIC úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhair do pháistí, neamhfhicsean, leabhair staire srl.
Tá sé de chuspóir ag CIC spreagadh a thabhairt do cheoltóirí agus scríbhneoirí agus aird fhorleathan a tharraingt ar a gcuid saothar. Anuas go dtí 2014, bhí os cionn trí chéad leabhar agus dhá chéad albam curtha amach acu.
Tá roinnt leabhar i mBéarla foilsithe ag CIC freisin, leabhair ar leaganacha de shaothair thábhachtacha i nGaeilge iad a bhformhór. Ina theannta sin, tá roinnt leabhar dátheangach foilsithe acu.
Gaiscí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó thaobh an cheoil de, thosaigh CIC ag taifeadadh ceoltóirí as Conamara, go háirithe amhránaithe ar an sean-nós. Anois tá a lán cineálacha eile ceoil curtha amach acu, leithéidí, ceol Cajun, ceol tíre agus ceoil as Ceap Breatain.