Ráth Cairn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Cairn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°36′39″N 6°51′48″W / 53.6108°N 6.8632°W / 53.6108; -6.8632
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde61 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
An Halla, Rath Cairn

Is nua-Ghaeltacht í Gaeltacht Ráth Cairn (nó Ráth Chairn) agus í suite i gContae na Mí. Toradh is ea í d'iarrachtaí Shaorstát Éireann leis an nGaeilge a choinneáil beo agus a athbheochan. B'é an plean a bhí ag an rialtas agus ag na díograiseoirí Gaeilge araon ná cainteoirí dúchasacha a aistriú go machairí méithe, áit a mbeadh níos mó barr le baint as an talamh.

"Aire - leanai", An scoil

An Baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá lárionad pobail agus clubteach (An Bradán Feasa), meánscoil, lárionad fiontraíochta, eaglais Chaitliceach agus áiseanna eile lena n-áirítear grúpscéim uisce, siopa, bialann, páirc imeartha, agus ionad taispeántais ann i Ráth Chairn. Tá Foras na Gaeilge, Glór na nGael agus Scun Scan lonnaithe ann freisin.

Seirbhísí Foghlama Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraítear go leor cúrsaí do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim i Ráth Chairn. I measc na ndreamanna sin a eagraíonn cúrsaí ann tá Gael Linn. Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuirtear cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bhaile fearainn é Ráth Cairn i ngar do Bhaile Átha Buí. Ar 12 Aibreán 1935, thug muintir Chonamara a n-aghaidh ar Rath Cairn don chéad uair. Seacht gclann is fiche as Conamara a chur fúthu ag an am.

I ndiaidh feachtas agóidíochta, d'aistrigh an rialtas 443 duine as Conamara go Ráth Cairn leis an talamh a thabhairt chun míntíreachais thall ansin.[1] Fuair siad feirmeacha agus scoil náisiúnta (Scoil Uí Ghrámhnaigh) ansin. Fuair gach teaghlach teach nua, 22 acra talún, beostoc agus uirlisí feirmeoireachta. Mar chuid den scéim seo a thionscain an coiste 'Muintir na Gaeltachta' faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.

Baile Ghib

Lean na daoine leo ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha, ach thóg sé na blianta fada orthu stádas oifigiúil Gaeltachta a bhaint amach. Tháinig coilíneacht eile den chineál chéanna ar an bhfód i mBaile Ghib sa chontae céanna, ach níor éirigh léi chomh maith le Ráth Cairn, ós rud é nár tháinig lucht an mhíntíreachais ansin ón áit chéanna ar dtús.

Bhronn an Rialtas stádas oifigiúil ar Ráth Cairn agus ar Bhaile Ghib sa bhliain 1967, tar éis feachtais chearta sibhialta a d'eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Ráth Cairn.[2] Sa bhliain 1973 a bunaíodh Comharchumann Rath Cairn chun pleanáil agus forbairt a dhéanamh don cheantar. Is iad na coilíneachtaí seo i gCúige Laighean an t-aon cheantar oifigiúil Gaeltachta in oirthear na tíre.

Is í Gaeilge Chonnacht an chanúint a labhraítear i nGaeltacht na Mí, ó tháinig an chuid ba mhó den phobal as Conamara. Chuaigh canúintí dúchasacha Ghaeilge Laighean in éag thart ar céad bliain ó shin.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig daoine mór le rá i saol na Gaeilge as Gaeltacht na Mí. Is as Ráth Cairn do Bhláthnaid Ní Chofaigh, agus is as ceantar Bhaile Ghib do Hector Ó hEochagáin. Láithreoirí iad an bheirt acu, agus iad ag obair do RTÉ, ach bíonn Hector le feiceáil go minic ar TG4 chomh maith. Cé gur rugadh Darach Ó Catháin i Maimín, Conamara, tógadh i Ráth Cairn é. Bhí Darach ar dhuine de phríomhamhránaithe sean-nóis a linne. Deir neart daoine gurbh é ab fhearr. I measc na n-amhrán atá le fáil ar a dhlúthdhiosca 'Darach Ó Catháin' tá 'Amhrán na Japs', leagan damanta de 'Oró Sé do Bheatha 'bhaile' agus 'Caisleán Uí Néill'. Tá an dlúthdhiosca sin ar fáil ó Ghael Linn.

Is as Dún Doire (gar go leor do Ráth Cairn) don amhránaí agus múinteoir Nollaig Ní Laoire.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]