Yorkshire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Yorkshire

Is contae stairiúil suite in oirthuaisceart Shasana í Yorkshire, nó Sír Eabhrac. Is é Eabhrac (York as Béarla) a phríomhchathair traidisiúnta, agus is í Leeds a chathair is mó. Is í an contae is mó i Sasana í Sír Eabhrac de réir achair, agus achar de 15,718 cm² aici; mar gheall air seo, roinntear í ina trí 'Ridings': an Riding Thoir, an Riding Thiar, agus an Riding Thuas. Cuimsíonn an contae freisin na cathracha móra Sheffield, Bradford, agus Hull.