Sprints
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Gníomhaíocht | |
Seánra | Iarphunc |
Suíomh gréasáin | https://www.sprintsmusic.com/ |
Is banna rac-cheoil as Éirinn é Sprints. Bunaíodh é sa bhliain 2019, agus tá ceathrar sa bhanna: Karla Chubb (scríbhneoir, amhránaí agus giotár), Colm O'Reilly (príomghiotáraí), Sam McCann (dordghiotáraí) agus Jack Callan (drumaí). Tá siad ar an lipéad ceoil neamhspleách Nice Swan Records. Is meascán de phunc-rac agus grúinse é a gcuid ceoil. Ba chairde iad ón am a bhí siad óg Jack Callan, Colm O'Reilly agus Sam McCann - ón Chúlóg agus Cill Bharróg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath iad - agus is as Ráth Fearnáin í Karla Chubb. Scríobhann sí amhráin faoina taithí pearsanta mar bhean i mbanna ceoil agus a cuid cnéasachta féin. De ghnáth bíonn téamaí polaitiúla nó sóisialta ag baint leis na liricí.
Baill an bhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Karla Chubb - Príomhamhránaí agus giotár
- Colm O'Reilly - Príomghiotáraí
- Sam McCann - Dordghiotáraí agus amhránaí taca
- Jack Callan - Drumaí
Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2020 - An chéad Singil "Pathetic"
- 2021 - Ceirnín Leathfhada "Manifesto"
- 2022 - Ceirnín Leathfhada "Modern Job" eisithe 18 Feabhra.
Léirithe Suntasacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir paindéim Covid-19 isteach ar léirithe ceoil le linn 2020 agus 2021. Cuireadh siar an chéad chamchuairt ó Bhealtaine 2020 go Deireadh Fómhair 2021. Seo liosta de na léirithe is mó le rá ón bhliain 2022:
- Márta 2022 Féile South by Southwest, Austin, Texas
- 24ú Meitheamh 2022 tacaíocht do Liam Gallagher i bPáirc Ormeau i mBéal Feirste
- 26ú Meitheamh 2022 bhí siad ar mhionstáitse William's Green i Glastonbury
- Deireadh Fómhair 2022 - Camchuairt na hÉireann le gigeanna i gCorcaigh, Londain, Luimneach, Gaillimh agus Baile Átha Cliath