Texas
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| |||||
| Leasainm: Lone Star State ("Stát na Réalta Aonair") | |||||
| Príomhchathair | Austin | ||||
| An chathair is mó | Houston | ||||
| Gobharnóir | Greg Abbott (P) | ||||
| Teangacha oifigiúla | Níl teanga oifigiúil ag an stát. Amach ón mBéarla, labhraítear Spáinnis go coitianta i dTexas. | ||||
| Achar | 696,241 km² (2ú) | ||||
| - Talamh | 678,907 km² | ||||
| - Uisce | 17,333 km² (2.5%) | ||||
| Daonra (2017) | |||||
| - Daonra | 28,304,596 (2ú) | ||||
| - Dlús daonra | 37.2 /km² (26ú) | ||||
| Iontráil san Aontas | |||||
| - Dáta | 29 Nollaig 1845 | ||||
| - Ord | 28ú | ||||
| Crios ama | UTC -6/-5 UTC-7/-6(san iarthar) | ||||
| Domhanleithead | 25°50'N to 36°30'N | ||||
| Domhanfhad | 93°31'W to 106°38'W | ||||
| Leithead | 1,065 km | ||||
| Fad | 1,270 km | ||||
| Airde | |||||
| - An airde is mó | 2,667 m | ||||
| - Meánairde | 520 m | ||||
| - An airde is lú | 0 m | ||||
| Giorrúcháin | TX, US-TX | ||||
| Láithreán Gréasáin | www.state.tx.us | ||||
Ceann de na Stáit Aontaithe is ea Texas. Is é Texas an 28ú stát, agus chuaigh sé san Aontas sa bhliain 1844 tar éis naoi mbliana neamhspleáchais. Úsáidtear an giorrúchán TX don phost.
Tháinig ainm an stáit as an teanga Caddo, teanga bhundúchasach Mheiriceánach a bhí á labhairt ag na Hasinai. Comhghuaillíocht de threibheacha ab ea na Hasinai agus an teanga seo á labhairt acu. Is é is brí leis an bhfocal táyshaʔ sa teanga seo ná "cara", agus nuair a chuir na Meicsicigh iarmhír na huimhreach iolra leis, fuarthas Texas nó Tejas.
Is é Texas an dara stát is mó sna Stáit Aontaithe de réir a achair (tá Alasca níos mó) agus de réir an daonra (tá California níos mó).
Is í Austin príomhchathair Texas, ach is í Houston an chathair is mó. Ainmníodh an dá chathair as daoine de bhunaitheoirí an stáit, is é sin, Stephen Fuller Austin, "athair Texas", agus Sam Houston, a chaith dhá sheal ina Uachtarán ar Texas nuair a bhí sé ina Phoblacht neamhspleách. Tá duine as gach beirt in Texas ina gcónaí i ndúiche cathrach Houston nó i ndúiche cathrach Dallas-Fort Worth.
Is iad an dá thionscal is mó a thuilleann clú do Texas ná an fuinneamh (giniúint chumhachta agus scagaireacht artola) agus an aerloingseoireacht (NASA).
Tíreolaíocht Texas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Contaetha i Texas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
| |||